DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - An Fhaiche Mhór Thuaidh

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

An Fhaiche Mhór Thuaidh: Ón Acomhal le Sráid an Iarsaigh go dtí an tAcomhal le Sráid Gheata Liam.

An Tréimhse Dúnta: Ó Dé Domhnaigh 2ú Samhain 2025 go dtí Dé Céadaoin 7ú Eanáir 2026.

An chúis: Margadh Nollaig na Gaillimhe 2025.

Bealaí Atreoraithe: Trí Chnoc na Radharc, Bóhar Úi Eithir, An Fhaiche Mhór, Sráid Gheata Liam.

Cuirfear comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Dé Céadaoin 22ú Deireadh Fómhair.