Freagra iontach faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an Scéim Tithíochta Inacmhainne

An Tobar - Illustration of housing

) Cuireadh tús le seoladh na nAonad Tithíochta Inacmhainne Chathair na Gaillimhe, a bhfuiltear ag súil leis le fada, ag ‘An Tobar’ ar an Luan an 8 Meán Fómhair 2025 ag a 12 meán lae do líon mór daoine. Laistigh de 4 nóiméad bhí 82 iarratasóir cláraithe agus laistigh de 45 nóiméad bhí 69 n-iarratas líonta agus curtha ar aghaidh. Tá 185 iarratasóir cláraithe againn ó mhaidin inniu agus cuireadh 90 iarratas ar aghaidh ar an iomlán.

Léiríonn na figiúr seo go bhfuil géarghá leis na tithe seo i gCathair na Gaillimhe agus cabhróidh siad le leibhéal na gCeannuithe Inacmhainne atá beartaithe do thionscadail amach anseo a mheas.  

Tá 14 aonad i scéim ‘An Tobar’, ach tá líon na ndaoine a bhfuil spéis acu iontu i bhfad níos airde ná sin agus tugann sin le fios go bhfuil an margadh tithíochta thar a bheith iomaíoch. 

I gcomhpháirtíocht le Cairn Homes, tá 4 theach ina bhfuil 2 sheomra leapa agus 10 dteach ina bhfuil 3 sheomra leapa le díol.

Nuair a dhúnfaidh an tairseach d’iarratais ar líne ag 12 meán lae an 29 Meán Fómhair 2025, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil leis na tithe a leithdháileadh a luaithe is féidir agus meastar go mbeidh na hiarratasóirí rathúla in ann cónaí iontu i Ráithe 1 de 2026.

Is léiriú an-dearfach é seo go nglacfar le tionscnaimh tithíochta inacmhainne eile a bheidh ann amach anseo leis an méid céanna díograis agus ratha.   

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn lena gcuid tailte féin a fhorbairt agus bíonn siad i gcónaí ag féachaint le dul i gcomhpháirtíocht le forbróirí chun forbairtí breise a dhéanamh, agus fógrófar na scéimeanna sin ar fad i bhfad roimh na dátaí oscailte.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Thithíocht Inacmhainne téigh chuig an suíomh gréasáin ar www.GalwayCity.ie

Related news