Glao ar Thograí Comhpháirtíochta:: Tionscnamh um Chathair Nuálach (2025)

Local Economic and Community Development Implementation Plan 2024-2025

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg léirithe spéise ó eagraíochtaí cáilithe a bhfuil taithí acu i gCathair na Gaillimhe chun tionscadail chomhoibritheacha a chomhfhorbairt agus a chur i gcrích a chuireann nuálaíocht, cruthaitheacht agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn. 

Is cuid de Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chathair na Gaillimhe (LECP) 2024–2025 an tionscnamh seo ina ndírítear ar cheithre phríomhréimse: 

  • Tacú le forbairt an gheilleagair shóisialta agus chiorclaigh

  • Spiorad na cruthaitheachta, na nuálaíochta agus na fiontraíochta a chothú

  • Forbairt leanúnach an Éiceachórais Nuálaíochta

  • Claochlú digiteach agus glas na bhfiontar a chur chun cinn

Gheobhaidh na comhpháirtithe a roghnaítear cúnamh ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe lena dtionscnaimh a chur i gcrích. Teastaíonn 20% de mhaoiniú meaitseála ar a laghad (airgead tirim nó comhchineáil). Ní mór na tionscadail a bheith i gcrích faoi mhí na Nollag 2025.

An Chaoi le hIarratas a Dhéanamh 

Cuir isteach do thogra (trí leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach do spriocanna, amlíne, cur chuige comhoibrithe, ailíniú le Sprioc 2 LECP agus buiséad lena n-áirítear maoiniú meaitseála. 

Seol do thogra ar ríomhphost chuig Eimear.Coleman@galwaycity.ie faoi 5pm Dé hAoine an 9 Bealtaine 2025. Ba chóir ‘Togra Comhpháirtíochta - Ainm d’Eagraíochta’ a bheith i líne ábhair an ríomhphoist. 

Treoirlínte: B EOI Guidance for Partnership Proposal Updated.docx GA_0.docx