Gluaiseacht na hOifige Cathartha fós ar an Rogha is Eacnamaíche

Illustration of Council Chamber

Beidh Cruinniú Speisialta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar oifigí cathartha nua an údaráis áitiúil, i gCearnóg na Corónach ar Bhóthar Mhuine Mheá Dé Luain an 14 Iúil. Ag an gcruinniú, athdhearbhóidh oifigigh na Comhairle gurb í Cearnóg na Corónach an réiteach is costéifeachtaí chun líon na mball foirne a choinneáil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe - earcaíocht amach anseo san áireamh chun tionscadail ardtosaíochta a sholáthar atá ríthábhachtach d’fhorbairt agus d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach Chathair na Gaillimhe. 

Ar mhaidin an Chruinnithe Speisialta Dé Luain an 14 Iúil, tabharfar cuireadh do na meáin áitiúla cuairt a thabhairt ar na hoifigí cathartha nua - áit a bhfuil tairiscint oiriúnachta ar an margadh le gairid, chun foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar chun seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaillimhe. Beidh saoráidí nua-aimseartha cruinnithe agus rannpháirtíochta poiblí san fhoirgneamh, lena n-áirítear córais uasghrádaithe closamhairc, inrochtaineacht níos fearr don phobal, agus spás níos fearr don fhoireann agus d’imeachtaí cathartha.

Sainaithníodh go raibh gá le hoifigí cathartha nua i dTuarascáil Luach ar Airgead 2017 Sheirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil, inar tugadh le fios nach raibh dóthain spáis i Halla na Cathrach i gcomparáid le húdaráis áitiúla eile, ag leibhéil foirne 2017 - a bhfuil méadú tagtha orthu ó shin.

Mar thoradh ar mheasúnú iomlán na riachtanais oifige sa bhfadtéarma socraíodh gur spás a bheadh réidh le bogadh isteach ann a cheannach ag Cearnóg na Corónach, an rogha is tapa agus is tíosaí a measadh.

Déanfar comhchostas measta €107 milliún a sheachaint leis an aistriú trí cheithre shuíomh oifige atá ann cheana a chomhdhlúthú i gceann amháin. Measadh go gcosnódh athchóiriú agus leathnú Halla na Cathrach ar Bhóthar an Choláiste - nach bhfuil oiriúnach don fheidhm níos mó - €69 milliún. Ina theannta sin, bheadh gá le €38 milliún eile chun baill foirne a athlonnú go sealadach chuig spás oifige oiriúnach le linn na hoibre.

Tá feachtas faisnéise poiblí beartaithe roimh an aistriú i 2026, in éineacht le rannpháirtíocht leanúnach na foirne agus na gceardchumann.

 

Related news