Gradam “Foireann na Bliana” bronnta ar Fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Inmharthanachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Gradaim Ceannasaíochta Athraithe Aeráide 2025

Team with award

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil gradam “Foireann na Bliana” buaite ag ár bhFoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus na hInmharthanachta ag Gradaim Ceannasaíochta Athraithe Aeráide 2025. Bhí searmanas na ngradam ar siúl Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair, sa Royal Marine Hotel i nDún Laoghaire, chun ceiliúradh a dhéanamh ar eagraíochtaí ar fud na hÉireann atá ag ceann an tslua maidir le ceannasaíocht agus nuálaíocht i dtaobh gníomhaithe ar son na haeráide.

Tugtar aitheantas do chomhoibriú eisceachtúil na foirne, dá rannpháirtíocht leis an bpobal, agus do na tionscnaimh cheannródaíocha gníomhaithe ar son na haeráide a cuireadh i gcrích leis an ainmniúchán seo, lena n-áirítear Clár Cathracha Píolótach NetZeroCities, Mol leictrea-shoghluaisteachta faoi thiomáint fuinnimh in-athnuaite an Taoibh Thiar, Féile Inspioráide Aeráide na Gaillimhe, agus Saotharlann Bheo Thrá Grattan.

Dúirt Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Tionscadail gur “léiriú an gradam seo ar dhíograis agus ar chruthaitheacht ár bhFoirne um Ghníomhú ar son na hAeráide. Is eiseamláir ar a gcuid oibre é maidir leis an gcaoi ar féidir leis an údarás áitiúil treoir a thabhairt ar ghníomhú ar son na haeráide trí chomhoibriú, nuálaíocht agus nasc láidir leis an bpobal.”

Rinneadh an fógra sin i rith Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide 2025, tionscnamh náisiúnta a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le ceannasaíocht aeráide áitiúil. Treisíonn bua na Gaillimhe tiomantas na cathrach don inbhuanaitheacht trína phlean gníomhaithe ar son na haeráide agus trína ról i dtodhchaí na haeráide a mhúnlú in Éirinn.

Léigh níos mó faoi Ghradaim Ceannasaíochta Athraithe Aeráide na hÉireann ag www.iccla.ie.