Músaem Cathrach na Gaillimhe ag seoladh an Tionscadail Oideachais do Scoileanna, Iarsmaí na Gaillimhe

People standing with Padraic O Conaire statue in museum.

Tá ríméad ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil sé ag seoladh an tionscnaimh nua oideachais dá chuid, Iarsmaí na Gaillimhe, atá deartha ar mhaithe le daltaí scoile an ceantair a mhealladh le foghlaim faoi stair agus faoi chultúr iontach na Gaillimhe, trí eispéiris foghlama idirghníomhacha.

Tá sé mar aidhm ag Iarsmaí na Gaillimhe, cur leis an tuiscint atá ar oidhreacht na cathrach trí dhaltaí a spreagadh le rbheith ag tabhairt rudaí atá againn ón stair a thabhairt faoi deara, ceisteanna a chur ina dtaobh agus freagairt dóibh. Áirítear orthu seo dealbh Phádraic Uí Chonaire, Fáinne an Chladaigh, Seál na Gaillimhe agus Bosca Poist Penfold. 

Tá acmhainní saincheaptha curtha ar fáil ag an tionscadal do mhúinteoirí, ina measc pleananna ceachta agus treoracha maidir le gníomhaíochtaí a chuideoidh leis an bhfoghlaim sa seomra ranga. Tá an tábhar seo deartha chun smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheacht a chur chun cinn agus tá siad ag teacht le curaclam na bunscoile mar a bhaineann leis an stair, an Béarla, an Ghaeilge agus na hAmharcealaíona.

Táthar tar éis micreashuíomh ar leith a fhorbairt taobh istigh de www.GalwayCityMuseum.ie  chun na hacmhainní, lena n-áirítear gearrscannáin ina bhfuil saineolaithe agus grianghraif agus a fhéadfar a úsáid mar chabhair don phróiseas foghlama, a óstáil. Is féidir an tábhar a úsáid go neamhspleách nó, níos fearr fós, i gcomhar le cuairt ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe.

Tá an tionscadal Iarsmaí na Gaillimhe maoinithe ag Éire Ildánach trí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  Tá an tionscadal ar fáil anois do chuile scoil agus beidh go ceann i bhfad. 

Is féidir le grúpaí scoile a dteastaíonn uathu a bheith páirteach sa tionscadal ríomhphost a sheoladh chuig Museum@GalwayCity.ie.

Chomh maith leis sin, ón 1ú go 5ú Iúil, beidh Músaem Cathrach na Gaillimhe ag reáchtáil cúrsa CDP bunaithe ar an tionscadal do mhúinteoirí, i gcomhar le hIonad Oideachais na Gaillimhe.  Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa go mbeadh úsáid bainte as rudaí sa teagasc, go mbeadh gníomhaíochtaí cruthaitheacha – ealaín, drámaíocht agus scéalaíocht – bunaithe ar na rudaí sin, agus ag an am céanna go mbreathnódh múinteoirí ar an Músaem mar acmhainn oideachais. Is féidir na sonraí ar fad a fháil ar shuíomh gréasáin Ionad Oideachais na Gaillimhe, www.GalwayEC.ie

I measc na dtaispeántas atá sa Mhúsaem faoi láthair tá: The Battle of Aughrim; Surrounded by Stone; Keepers of the Gael | Caomhnóirí na nGael; Revolution in Galway, 1913-23; The Galway Hooker; The Claddagh: A Triumph of Unconscious Beauty, SUPERHUMAN | FORDHAONNA and The Wild Atlantic - Sea Science. 

Ta níos mó eolas le fáil ar Galway in Objects ar an suíomh idirlíne: https://galwaycitymuseum.ie/galway-in-objects/