Obair thógála ar Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin le Tosú

A photomontage of the Bothar Stiofáin Cycle Scheme

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil tús curtha leis an obair thógála ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin.

Tógfar bonneagar nua siúil agus rothaíochta faoin tionscadal seo feadh fhad Bhóthar Stiofáin, a cheanglaíonn Bóthar Rathúin le Bóthar Dáileacháin an Iarthair.

Cuirfidh Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin feabhas ar shábháilteacht, laghdófar an luas a bhíonn ag feithiclí, agus cuirfear leis an líon turas a dhéanfaidh coisithe agus rothaithe sa gceantar leis an obair seo. 

Cuirfear tús leis an obair ar an Luan, an 8 Meán Fómhair agus mairfidh sí thart ar dhá mhí dhéag.

Tá an tionscadal á chur i gcrích ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.  Ceapadh Jons Civils Ltd. ina bpríomhchonraitheoirí, agus is iad Clifton Scannell Emerson Associates na hinnealtóirí comhairliúcháin. 

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag Clár Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair agus ag Ciste Forbartha Athghiniúna Uirbí (URDF) na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an nasc don scéim seo.