Scéim 2025 chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú lena ngabhann ciste €200,000 seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Shopfront graphic with title of Shopfront Enhancement Scheme 2025

Scéim 2025 chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú lena ngabhann ciste €200,000 seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Ag glacadh le hiarratais anois ó Ghnólachtaí Neamhspleácha Miondíola agus Fáilteachais

Tá an-áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Scéim 2025 chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú seolta, tionscnamh €200,000 atá dírithe ar athbheochan a dhéanamh ar shráid-dreacha tráchtála na cathrach. Tacaíonn an scéim le feabhsuithe ar ardchaighdeán a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí, feabhsuithe atá íogair ó thaobh an chultúir de, agus a bhfuil leanúnachas i gceist, ag cur feabhas ar charachtar uathúil na Gaillimhe agus ag cur borradh faoin ngeilleagar áitiúil.  Cuirtear cúnamh airgid ar fáil faoin scéim do ghnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais chun feabhas a chur ar chuma, inrochtaineacht agus luach oidhreachta aghaidheanna a siopaí. Iarrtar ar ghnólachtaí incháilithe iarratas a dhéanamh ar an scéim faoin Aoine an 11 Iúil 2025.

Samplaí d’iarratasóirí incháilithe:

  • Gnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais a bhfuil áitreabh acu a bhfuil a aghaidh ar shráid atá suite laistigh de theorainneacha na trí Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) - LCA Chroí na Cathrach, LCA Shráid Dhoiminic Íochtarach agus LCA na Faiche Móire 

  • Úinéirí nó léas-sealbhóirí (le cead an tiarna talún)

  • Gnólachtaí a chomhlíonann rátaí tráchtála agus rialacháin phleanála

     

Tacaítear le réimse leathan feabhsúchán faoi scéim na bliana seo, ó athchóiriú traidisiúnta go comharthaíocht dhátheangach, uasghráduithe inrochtaineachta agus comhoibriú ealaíne le healaíontóirí áitiúla. 

Tá deontais suas le €20,000 ar fáil, chun suas le 50% go 75% de na costais incháilithe a chlúdach, ag brath ar an obair atá i gceist. I measc an chineáil oibre a dtacaítear leis, tá: 

  • Deisiúchán ar aghaidheanna siopaí, péinteáil, agus comharthaíocht dhátheangach.

  • Inrochtaineacht a fheabhsú agus glanadh tranglaim

  • Feabhsúcháin nó deisiúcháin ar Struchtúir Chosanta agus ar fhoirgnimh laistigh de na trí LCA (LCA Chroí na Cathrach, LCA Shráid Dhoiminic Íochtarach agus LCA na Faiche Móire) 

  • Comhoibriú le healaíontóirí áitiúla agus scileanna traidisiúnta tógála a úsáid

 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, “Tá an-áthas orm go bhfuil tús curtha le Scéim 2025 chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú. Leis an scéim seo is féidir le gnólachtaí i gcoda stairiúla de lár na cathrach feabhas a chur ar aghaidheanna siopaí ar bhealach níos inacmhainne atá íogair agus cuí - ag cur le tarraingteacht agus atmaisféar na háite, agus ag tacú le cuairteoirí agus beocht eacnamaíoch a thabhairt isteach sa chathair. Tacófar le healaíontóirí agus le ceardaithe áitiúla leis an scéim seo chomh maith chun na haghaidheanna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith le fearann poiblí níos inrochtana agus spásanna ardphróifíle don Ghaeilge a chruthú inár gcathair dhátheangach.”

 

Glacfar le comhiarratais ó ghnólachtaí atá in aice lena chéile agus d’fhéadfadh níos mó tacaíochta ar fáil ina leith sin. 

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne trí www.GalwayCity.ie

Is é an 11 Iúil 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. 

 

Chun na treoirlínte iomlána agus na sonraí iarratais a fháil, téigh chuig  www.GalwayCity.ie  nó déan teagmháil leis an Aonad um Fhorbairt Eacnamaíoch: EconomicDevelopment@GalwayCity.ie nó glaoigh ar an uimhir 091 536 400.

 

Tacaítear leis an tionscnamh seo tríd na Rátaí Tráchtála agus an Cháin Mhaoine Áitiúil. 

 

(Treoirlínte d'Iarratasóirí: LINK TO IRISH Applicant GUIDELINE DOC)

(Foirm Iarratais: LINK TO IRISH APPLICATION FORM)