Tacaíocht léirithe ag an Aire Kevin ‘Boxer’ Moran agus ag an Aire Noel Grealish do Scéim Faoisimh Tuilte do Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta

Ministers and Senior Reps from Galway City Council in Boardroom

Chas Kevin ‘Boxer’ Moran TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), agus Noel Grealish TD, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le hionadaithe sinsearacha ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo caite (Dé hAoine, an 27 Meitheamh 2025) chun Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe a phlé. Is é cuspóir Coirib go Cósta scéim cosanta tuilte, ar scéim í a bheadh inghlactha i dtaobh cúrsaí teicniúla, sóisialta, comhshaoil, aeistéitice agus geilleagracha, a mheasúnú, a leagan amach agus a chur i gcrích, d'fhonn an baol tuilte do Phobal na Gaillimhe a laghdú de réir Caighdeán Cosanta cinntithe. Tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi láthair maidir le roghanna na scéime, agus bhí freastal mór ar laethanta faisnéise poiblí le déanaí, a tionóladh i mBóthar na Trá agus i lár na cathrach araon. 

Tá Coirib go Cósta ar cheann de phríomhthosaíochtaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in Aighneacht na Cathrach chuig Clár an Rialtais. Tá an clár infheistíochta seo de chuid an Rialtais Náisiúnta ríthábhachtach chun a chinntiú go gcuirfidh Cathair na Gaillimhe spriocanna sa gCreat Náisiúnta Pleanála/sa bPlean Forbartha Náisiúnta i gcrích; go leanfaidh an Chathair ag bisiú; agus go mbeidh an Chathair fós ina ceann scríbe den scoth le bheith i do chónaí inti, le cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh inti.

Chuir an tAire Moran agus an tAire Grealish in iúl go dtacaíonn siad leis an scéim atá beartaithe agus b’ábhar sásaimh dóibh na himeachtaí rannpháirtíochta poiblí a bhí ar siúl le déanaí, agus leag siad béim ag an am céanna ar a phráinní atá sé an scéim a chur i gcrích.  

Mar chathair cois cósta, atá tógtha ar abhainn na Gaillimhe, is cuid de chreatlach Chathair na Gaillimhe an t-uisce.  

Tá Coirib go Cósta dírithe go príomha ar an riosca tuilte a bhainistiú, ach déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe a dícheall lena chinntiú go mbeidh dearadh aon bhearta - bearta struchtúracha go háirithe - ag cloí le nádúr ar leith Chathair na Gaillimhe. Áireofar i ngach obair tírdhreach cruthaitheach agus réitigh ailtireachta, a chuirfidh feabhas ar an tírdhreach uirbeach mar aon le dul i ngleic le bainistíocht riosca tuilte.

Tá sonraí iomlána an tionscadail le fáil ar www.CoiribgoCosta.ie 

Fáiltítear aiseolas ar an gcomhairliúchán poiblí reatha a chur faoi bhráid suas go dtí an 18 Iúil 2025 – féach www.CoiribgoCosta.ie nó déan teagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí ghlaoch ar an uimhir 091 536 400.