Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le CENA, Comhlacht Ainmnithe Tithíochta, grúpscéim Tithíochta Bhóithrín na Saoirse go hoifigiúil don Lucht Siúil go háirithe ar an gCuarbhóthar, Gaillimh Dé Máirt an 11 Samhain 2025.
Bhí Bóithrín na Saoirse á oscailt go hoifigiúil ag an gComhairleoir Alan Cheevers, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, agus ag an tUasal Éamon Ó Cuív, iar-Theachta Dála thar ceann Ghaillimh Thiar agus iar-Leas-Chathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais maidir leis na Príomhcheisteanna a théann i bhfeidhm ar an Lucht Siúil.
Cúig cinn d’árais cónaithe arna dtógáil as an nua do theaghlaigh den Lucht Siúil atá i scéim Bhóithrín na Saoirse agus is toradh maith é ar an gcomhar idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus CENA, an Comhlacht Ainmnithe Tithíochta atá faoi stiúir an Lucht Siúil.
Bhain, mar gheall ar an gcomhar páirtnéireachta, cur chuige nua i ndáil le cóiríocht do dhaoine den Lucht Siúil go háirithe a chur ar fáil i gCathair na Gaillimhe leis an mbeartaíocht seo, cur chuige a d’fhág cead cainte ag an Lucht Siúil croílárnach sa phróiseas. Bhí páirt ghníomhach ag na teaghlaigh san obair dearthóireachta ar na hárais cónaithe agus é de chuspóir ag an uile dhuine árais tithíochta inmharthana a chruthú i gcomharsanacht shoicheallach sheasmhach.
Comhlacht ailtireachta Desiun a bhí i mbun obair dearthóireachta maidir leis an scéim tithíochta, agus thug comhlacht tógála Pat Loftus an obair thógála chun críche i mí Iúil 2025.
Bhain an láithreán cónaí a bhíodh ann roimhe a leagan agus cúig cinn d’árais cónaithe nua-aimseartha atá éifeachtúil ó thaobh ídiú fuinnimh a thógáil ina n-áit leis an obair forbraíochta. Tá tionóntaí sna cúig áitreabh ó mhí Lúnasa 2025.
Meastar gur bhain gnéithe sainiúla leis an bhforbraíocht i mBóithrín na Saoirse ar bhealaí éagsúla:
- D’fhág an caidreamh lánchuimsitheach leis na háitritheoirí ón tús (arna chóiriú ar bhonn Duine den Lucht Siúil le Duine den Lucht Siúil) go raibh riachtanais agus mianta uile na n-áitritheoirí á dtabhairt san áireamh agus plé mar is ceart le gach ábhar buartha.
- Tharla caidreamh lánchuimsitheach leis an meitheal dearthóireachta (arna chóiriú arís ar bhonn Duine den Lucht Siúil le Duine den Lucht Siúil) gur tugadh toradh saothair atá cuí ó thaobh cultúir i gcrích. Ciallaíonn sin go raibh daoine den Lucht Siúil gníomhach páirteach san obair dearthóireachta – seachas ‘comhairle’ a bheith á dhéanamh leo faoi ghnéithe de.
- Cuireann an muinín agus an chomhthuiscint a cothaíodh leis na blianta leis an mórtas agus leis an meon láidir úinéireachta i measc theaghlaigh na n-áras seo.
Dúirt Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe; “Is ábhar mórtais domsa, duine as an ceantar seo, an fhorbraíocht nua seo i mBóithrín na Saoirse a bheith curtha ar fáil anois. Is togra é seo a léiríonn an toradh dáiríre a bhíonn ar oibriú le chéile - rinne na teaghlaigh, an Lucht Siúil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus CENA a gcion. Ní ballaí agus brící amháin atá i gceist leis na hárais nua cónaithe seo, tá buaine, meas agus deis i gceist freisin ionas gur féidir le teaghlaigh déanamh go maith. Is iontach an sampla é den tairbhe leanúnach a bhíonn as tithíocht uile chuimsitheach faoi stiúir an phobail i saol an duine agus i saol na cathrach.”
Ag labhairt dó faoin scéim tithíochta nua don Lucht Siúil, dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is cúis ríméid dom an fhorbraíocht nua seo a fheiceáil á hoscailt, scéim de chineál nua i gCathair na Gaillimhe.”
Luaigh sé freisin, “Beidh an tionscnamh seo, agus an próiseas a bhain leis, ina eiseamláir maidir le tithíocht inbhuanaithe a chur ar fáil atá cóiriúil don Lucht Siúil le haird go dáiríre ar chúrsaí féiniúlachta agus cultúir faoi leith.”
Dúirt Brian Dillon, Príomhfheidhmeannach, CENA Comhlacht Ainmnithe Tithíochta, “Is lóchrann eolais na hárais cónaithe seo (agus go háirithe an próiseas a bhain leis an bhforbraíocht) maidir le hárais inmharthana cóiríochta a chur ar fáil don Lucht Siúil le haird ar chúrsaí féiniúlachta agus cultúir faoi leith.”
Luaigh sé freisin “Is é is tábhachtaí uilig go léirítear nach gá imeallú, cosc ná ‘seachaint’ a dhéanamh maidir le daoine nuair atá aird ar iléagsúlacht, agus ceiliúradh. Tá CENA tugtha don chiall ceannaithe ón bpróiseas seo i nGaillimh a scaipeadh ar fud réimsí eile in Éirinn.”