Úinéir Nua agus Post Nua faighte ag Tearmann Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do Sammy an Madra!

Sammy the dog

Beidh Sammy, an Madra Teiripe le feiceáil i bhfíseán nua atá déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina ndírítear aird ar na madraí iontacha seo atá i dTearmann Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus a dteastaíonn úinéir nua uathu. 

I mí Feabhra 2025, fuair Christine Domegan glaoch gutháin ó Tom Costello, Maor Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, go raibh coileán tagtha isteach sa Tearmann, coileán a raibh nádúr deas réidh aige. 

Bhí Christine ag lorg madra teiripe dá deirfiúr Fiona. Bhíodh labradór ag Fiona i gcónaí. 

Tugadh Sammy isteach sa tearmann mar gheall nach ndearna sé aon mhaitheas mar mhadra fiaigh – ach a mhalairt ar fad a bhí i gceist mar mhadra teiripe do Fiona - tá ag éirí go hiontach leis sa cheird seo!

Le linn an chéad chuairte a thug Sammy an madra ar Fiona, shuí sé ina gabháil, ba léir go raibh ceangal eatarthu. Is cuairteoir rialta é Sammy anois in Ionad Cúraim Dhroichead an Chláirín, ag casadh leis an bhfoireann agus leis na cónaitheoirí araon, daoine a bhfuil cion acu ar mhadraí. 

Faigheann Tearmann Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe úinéirí nua do 250-350 madra gach aon bhliain. 

Más mian leat cuidiú le daoine a bhfuil galar Huntington orthu teacht a bheith acu ar sheirbhísí ar nós Madraí Teiripe, mholfadh Christine agus Fiona Domegan síntiús a thabhairt do Chumann Ghalar Huntington na hÉireann ar www.Huntingtons.ie/Donate.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi roinnt de na madraí iontacha atá i dTearmann Madraí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - idir óg agus sean - agus atá ag lorg úinéir buan, déan teagmháil leis an tearmann chun tuilleadh eolais a fháil. Féach www.GalwayCity.ie/DogShelter 

Féach ar an bhfíseán ar chuntas meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Facebook, Instagram, Tik Tok, YouTube agus Linked In).