Aird tarraingthe le linn Ócáid Mhalartaithe idir Gaillimh agus an Eastóin ar Naisc Eorpacha le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE

staff and delegation posing for pic outside city hall

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh Ambasadóir na hÉireann chun na hEastóine, James Sherry, agus Ambasadóir na hEastóine chun na hÉireann, Kairi Künka, go Gaillimh an tseachtain seo (Dé Máirt an 21 Iúil), mar chuid d'Ócáid Mhalartaithe idir Gaillimh agus an Eastóin, a seachadadh faoi Chlár Cúplála Contaetha le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ba mar chuid de Thionscnamh Cumarsáide don Eoraip na Roinne Gnóthaí Eachtracha an ócáid, tionscnamh a thacaíonn le tionscadail a mhéadaíonn feasacht an phobail ar an Aontas Eorpach agus a thionchar ar an ngnáthshaol. 

Tugadh eagraíochtaí pobail, baill thofa, ionadaithe óige, grúpaí cultúir, gnólachtaí, agus baill den phobal le chéile ag an ócáid mhalartaithe, chun caidreamh na Gaillimhe leis an Eastóin a cheiliúradh agus chun luach an chomhair Eorpaigh ag an leibhéal áitiúil a fhiosrú. 

I measc na ngníomhaíochtaí bhí fáiltiú cathartha, taibhithe chultúir, taispeáint de chlár faisnéise Eastónach, agus cuir i láthair a tharraing aird ní hamháin ar chomhpháirtíocht na Gaillimhe leis an Eastóin ach le tíortha eile de chuid an Aontais, trí roinnt tionscadal arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a chuidíonn le cathair níos bríomhaire a dhéanamh de Ghaillimh chun cónaí inti, obair inti, cuairt a thabhairt uirthi, infheistíocht a dhéanamh inti agus staidéar a dhéanamh inti. 

Mar chuid den mhalartú chuathas ar thuras siúlóide ar fud na Cathrach freisin, ag stopadh ag dealbha na scríbhneoirí cáiliúla Oscar Wilde agus Eduard Vilde ar Shráid na Siopaí. Tá Eduard Vilde i measc duine de na pearsana is iomráití i litríocht na hEastóine. Ba í Tiiu Kirsipuu, dealbhóir as an Eastóin, a chruthaigh na dealbha in ómós don bheirt scríbhneoirí, í ag samhlú gur bhuail siad lena chéile i ndáiríre. Tá an dealbh bhunaidh lonnaithe in Tartu na hEastóine – agus bhronn an Eastóin an mhacasamhail seo ar Ghaillimh nuair a tháinig sí isteach san Aontas Eorpach in 2004. 

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu:

“Léiríonn an ócáid seo an luach a bhaineann le caidreamh láidir a chothú ar fud na hEorpa agus tugann sé deis do phobail áitiúla dul i dteagmháil go díreach le hionadaithe ó Bhallstát den Aontas, agus lenár gcomhpháirtithe san Eastóin. Tríd an gClár Cúplála Contaetha, tá an pobal ag foghlaim an chaoi a dtéann comhar Eorpach chun tairbhe do phobail, agus an chaoi a gcruthaíonn sé deiseanna le haghaidh comhair. Tarraingíonn an ócáid mhalartaithe seo aird ar na naisc idirnáisiúnta atá ag dul i méid i gCathair na Gaillimhe, agus is bealach oiriúnach í chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chomóradh agus chun áit na Gaillimhe i bpobal na hEorpa i gcoitinne a cheiliúradh.”

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Tá stair fhada ag Cathair na Gaillimhe ag obair le comhpháirtithe Eorpacha trí mhalartuithe cultúir, trí thionscadail arna maoiniú ag an Aontas agus trí líonraí idirnáisiúnta. 

Ní coincheapa teibí iad na comhpháirtíochtaí sin; cuireann siad tairbhí follasacha ar fáil dár gcathair agus dár bpobail. Tacaíonn siad leis an nuálaíocht, leis an bhforbairt eacnamaíoch, leis an gcultúr, leis an inbhuanaitheacht, leis an oideachas agus le rannpháirtíocht an phobail. Chruthaigh siad deiseanna freisin le haghaidh naisc nua agus comhoibriú amach anseo idir Gaillimh agus an Eastóin, rud atá tábhachtach." 

Mar chuid den Mhalartú bhuail na hAmbasadóirí le hionadaithe ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, Comhairle na nÓg, eagraíochtaí cultúir agus gnólachtaí atá lonnaithe ag Mol Nuálaíochta Portershed. Díríodh sa bplé ar na deiseanna a bheidh ann amach anseo maidir le comhoibriú, nuálaíocht, malartú cultúir, agus naisc a neartú idir Gaillimh agus an Eastóin lasmuigh d'Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach. 

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe Ócáid Mhalartaithe idir Gaillimh agus an Eastóin ar fáil mar chuid de Chlár Cúplála Contaetha le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a mhaoiníonn an Tionscnamh Cumarsáide don Eoraip.

Related news