Chuir Méara Chathair na Gaillimhe an Clr Mike Cubbard fáilte roimh iar-Bhardasach Milwaukee Michael Murphy go Halla na Cathrach an tseachtain seo caite (Dé Luain, an 19 Eanáir) le linn Fháiltiú an Mhéara in onóir an chairdis ar leith atá aige le Gaillimh le blianta fada. Is iomaí doras sna Stáit Aontaithe atá oscailte ag an iar-Bhardasach Murphy ar mhaithe le Cathair na Gaillimhe le himeacht na mblianta. Ní raibh ach caoga dollar ina bpóca ag a thuismitheoirí nuair a chuaigh siad ar imirce ó Bhaile Átha Cliath go dtí na Stáit Aontaithe, iad meáite ar shaol nua a thosú. Ceann de na luachanna is tábhachtaí a chothaigh siad sa gcúigear clainne acu ná dualgas domhain orthu an comhar a dhíol le Meiriceá gan dearmad a dhéanamh ar Éirinn choíche.
I gcuideachta an iar-Bhardasaigh Murphy ag an bhfáiltiú bhí a bhean chéile Terry, a iníon Maggie, a dheartháir Dave agus Cailín Branchford ó CelticMKE, lucht eagraithe Milwaukee Irish Fest.
Tá Michael ina chara dílis de chuid na Gaillimhe ó bhí 1992 ann, tráth ar thaistil dream ó Ghaillimh go Milwaukee le freastal ar Fhéile na nGael, agus ina measc bhí Clem Walsh nach maireann, Gerry Rabbit, Anne Melia agus Oifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta reatha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Keith Finnegan. As sin amach, thacaigh Michael go fonnmhar agus go díograiseach le spriocanna uaillmhianacha na Gaillimhe. Le linn na cuairte sin in 1993, deir daoine gur éirigh leis tabhairt ar an Méara ag an am Cuan na Gaillimhe a thabhairt ar Lake Michigan ar feadh cuid den chuairt ar chaoi ar bith!
Agus é ag labhairt le linn na hócáide dúirt Méara Chathair na Gaillimhe an Clr Mike Cubbard “nach féidir cur lena bhfuil déanta ag Michael Murphy ó thaobh seirbhís phoiblí de. Toghadh Michael ar dtús sa bhliain 1989 gan é ach 27 bliain d’aois agus chuaigh sé ar scor in 2024, an bardasach is faide seirbhís ar Milwaukee go dtí seo. Nuair a chuaigh sé ar scor, bhí sé ar an tríú comhalta ab fhaide seirbhís ar an gcomhairle i stair na cathrach. Fágann sé sin i gcuideachta ar leith é, daoine ar nós Donal Lyons, Terry O’Flaherty agus Declan McDonnell na Gaillimhe.”
Thug an Méara Cubbard aitheantas speisialta do Milwaukee Irish Fest mar chuid den fháiltiú. Is é Milwaukee Irish Fest an cruinniú is mó de mhuintir na hÉireann ar domhan in áit ar bith eile seachas oileán na hÉireann. Bhunaigh Ed Ward agus muintir Ward de bhunadh Chontae na Mí an fhéile sa bhliain 1981. Tá fás agus forbairt tagtha ar an bhféile sna blianta ó shin ach í fréamhaithe go daingean sa teaghlach agus sa phobal. Tá muintir Ward bainteach go mór leis an bhféile sa lá atá inniu ann fós. Ghabh an Méara Cubbard buíochas leo as a gceannaireacht agus as tacú chomh mór sin le Cathair na Gaillimhe agus thug sé aitheantas dóibh siúd a spreagann an fhéile chun cinn i gcónaí.
Is mór an tacaíocht atá tugtha ag Michael Murphy don fhéile, do mhuintir Ward agus do na ceithre mhíle oibrí deonach atá ag an bhféile. Tá toscaireacht na Gaillimhe ag freastal ar Milwaukee Irish Fest le 31 bliain gan ann ach dhá bhriseadh - nuair a bhí ráig den ghalar crúibe is béil ann in 2001 agus paindéim Covid-19 in 2020.
Tá léirithe i dtaighde atá déanta ag Turasóireacht Éireann agus ag Fáilte Éireann go bhfuil nasc díreach ann idir rannpháirtíocht leanúnach na Gaillimhe san fhéile agus an méadú bliain i ndiaidh bliana ar an líon turasóirí a thagann ó Mheiriceá Thuaidh.
Ghabh an Méara Cubbard buíochas le Michael Murphy as a chairdeas, tacaíocht agus seirbhís i rith an ama agus thug bronntanas dó mar chuimhneachán ar an ócáid speisialta.