Tá tús curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar lena conraitheoir cothabhála soilsithe phoiblí, le clár oibreacha uasghrádaithe soilsithe phoiblí ar fud na cathrach.
Áireofar leis an gclár an bonneagar soilsithe phoiblí atá ann a bhaint anuas agus bonneagar nua a chur ina áit, lena n-áirítear colúin agus feistithe, cáblú agus duchtáil agus oibreacha gaolmhara agus coimisiúnú de réir na gcaighdeán agus na sonraíochtaí ábhartha.
Cuirfidh an clár oibreacha díchuachta ar ár gcumas na nósanna imeachta dícheangail agus tástála cuí a leanúint agus a chinntiú go bhfuil na suiteálacha soilse poiblí i gcomhréir le caighdeáin nua-aimseartha maidir le talmhú agus sábháilteacht.
Is sna heastáit seo a leanas na chéad láithreacha eile a mbeifear ag tabhairt faoi obair uasghrádaithe éigeandála le linn R1 agus R2 2026
- Poll na Ruama Thiar
- Ráth Uillinn
- Arda Thír Oileáin
- Páirc Radharc an Chláir