Athchóiriú Coillearnaí Dúchasaí i gCoill Mhuirlinne Beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tar éis Stoirm Éowyn

merlin woods aerial picture

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn ar a plean coillearnach dhúchasach a dhéanamh as Coill Mhuirlinne, a chruthóidh gnáthóg níos seasmhaí agus áis don phobal in áit a ndearna Stoirm Éowyn go leor damáiste i mí Eanáir 2025.

Tá plean na Comhairle bunaithe ar shainchomhairle ó chranneolaí neamhspleách agus ón Dr Colin Lawton ón Roinn Zó-eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe agus, dá bhrí sin, cinnteofar go mbeidh sábháilteacht poiblí, an bhithéagsúlacht agus cosaint na n-ioraí rua a chuireann fúthu i gCoill Mhuirlinne i gcroílár na dtograí athchóirithe.

Is deis ar leith é an tionscadal athchóirithe seo chun coillearnach dhúchasach níos seasmhaí a chruthú agus ceann de na háiseanna nádúrtha is tábhachtaí don fhiadhúlra, do chaitheamh aimsire agus don oideachas i gCathair na Gaillimhe a fheabhsú. Tá Irish Forestry Services Ireland, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag ullmhú iarratais le cur faoi bhráid na Roinne faoin Scéim Neighbourwood chun maoiniú a fháil do na hoibreacha athphlandaithe. Chun an maoiniú a fháil, ní mór tacaíocht mhuintir na háite a léiriú don tionscadal athphlandaithe agus do na háiseanna, lena n-áirítear conairí, suíocháin, comharthaíocht agus seomra ranga taobh amuigh do scoileanna agus do champaí samhraidh.

Thug an Chomhairle tús áite do shábháilteacht poiblí tríd an áit a ghlanadh agus na príomhbhealaí coisithe tríd an bpáirc a athoscailt díreach i ndiaidh na stoirme. Tá crainn leagtha fós sa mbealach ar roinnt conairí tánaisteacha agus tá an Chomhairle ag díriú anois ar na crainn a ndearnadh damáiste dóibh a ghlanadh ón áit agus ar a plean coillearnach dhúchasach agus páirc phoiblí a chur i gCoill Mhuirlinne a thabhairt chun cinn.

Meascán de chrainn leathanduilleacha agus crainn bhuaircíneacha a bhí i gCoill Mhuirlinne le blianta fada agus bhain idir dhaoine agus an fiadhúlra taitneamh aisti. Sprús Lochlannach atá in thart ar 50% den choillearnach a cuireadh sna 1960idí mar bharr plandála tráchtála. Rinneadh damáiste mór don chuid is mó de na crainn sin le linn Stoirm Éowyn.

Is fiú a rá gur speicis dhúchasacha agus leathanduilleacha is mó atá sna háiteanna a ndearnadh an damáiste is lú dóibh le linn Stoirm Éowyn, rud a léiríonn seasmhacht na coillearnaí dúchasaí. Ní speiceas dúchasach é an sprús Lochlannach.

Tháinig os cionn leath den choillearnach (54%) slán agus cosnófar í le linn na hoibreacha glanta. Tá roinnt crainn bhuaircíneacha gar do chonairí poiblí agus fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe sainchomhairle ó chranneolaí neamhspleách faoina bhféadfaí iad a choinneáil. Caithfear na crainn sin a bhaint, áfach, ar chúiseanna sábháilteachta toisc go bhfágfar gan chosaint iad mar gheall ar ghnéithe éagsúla de na hoibreacha glanta.

Is éard a dúirt cranneolaí neamhspleách a cheap an Chomhairle: “Cur chuige tomhaiste atá i gceist leis an moladh seo ina gcuirtear topagrafaíocht, geolaíocht, suíomh agus gaireacht na háite do chósta iarthar na hÉireann, mar aon le saintréithe na speiceas crann, san áireamh. Táimse ag moladh go leagfaí na crainn atá sa limistéar 3.5 heicteár agus go gcuirfí speicis crann leathanduilleacha dhúchasacha ann.”

Chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dteagmháil leis an Dr Colin Lawton ón Roinn Zó-eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, údar an tSuirbhé ar an Iora Éireannach, go luath sa tionscadal chun sainchomhairle a fháil maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le pobal na n-ioraí rua i gCoill Mhuirlinne agus chun bonn eolais a chur faoin bplean athchóirithe.

Bhí tionchar díreach ag an tacaíocht a léirigh é don obair athphlandaithe agus ag an gcomhairle sárluachmhar a thug sé maidir leis an bplean crainn a leagan, lena n-áirítear cinntí maidir le crainn a choinneáil, crainn a chur tar éis cinn a leagan agus clár beataithe breise d’ioraí rua a chuirfidh an Chomhairle i bhfeidhm láithreach. Beidh ceannbhrat ann i gcónaí do phobal na n-ioraí rua agus d’fhiadhúlra eile sa gcoillearnach san áit ina gcoinneofar na crainn.

Ag trácht dó ar an tionscadal, is éard a dúirt an Dr Lawton; ‘Cé gur buille é aon ghnáthóg foraoise a chailleadh, más féidir linn meascán de chrainn leathanduilleacha, crainn coill ach go háirithe, a chur in áit na gcrann buaircíneach, rachadh sé chun tairbhe don fhiadhúlra san fhadtéarma. 

Tá tairbhí an bheathaithe breise d’ioraí rua feicthe againn i bpáirceanna uirbeacha cheana féin, i bPáirc Foraoise Bhéal Leice i mBéal an Átha mar shampla... Tionscadal for-rochtana pobail den scoth a d’fhéadfadh a bheith ann agus d’fhéadfaí oibrithe deonacha/grúpaí pobail a thabhairt isteach chun cuidiú le beatha a chur sna beathaitheoirí agus monatóireacht a dhéanamh ar na hioraí rua. ”

Cuirfear tús leis an obair ghlanta ar dtús sna seachtainí amach romhainn agus leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe den idirchaidreamh leis na príomhpháirtithe leasmhara.