Beidh an t-imeacht “Giob Geab” ar siúl mar chuid d’Fhéile Aeráide na Gaillimhe Déardaoin an 25 Meitheamh idir 7 – 10 pm i bPuball na Féile, Páirc an Athar de Búrca, Cathair na Gaillimhe. Beidh Shani Williams ina bean an tí arís lena stíl ghrinn agus beidh cúpla focal Gaeilge freisin mar chuid dá cur i láthair ar an oíche nuálach scéalaíochta pobail seo.
Tá fáilte roimh gach páirtí leasmhar lena n-áirítear grúpaí Pobail, Fiontair Shóisialta, grúpaí bithéagsúlachta, agus Cumainn Cónaitheoirí a scéalta inbhuanaitheachta, a dtionscnaimh inbhuanaitheachta nó a smaointe nuálacha a chur i láthair don lucht spéise.
Is léiriú Éireannach é ‘Giob Geab’ atá bunaithe ar fhormáid ghasta de chur i láthair atá acu sa tSeapáin ar a dtugtar ‘Pecha Kucha’, a sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe den chéad uair i mí an Mhárta 2025. Is formáid shimplí atá i gceist: cuirfidh gach grúpa 5 shleamhnán i láthair laistigh de 5 nóiméad ar an mbuille. Tá sé leagtha amach chun an tráthnóna a dhéanamh chomh tarraingteach agus chomh spraíúil agus is féidir agus chun aird a tharraingt ar ghníomhaíochtaí timpeallachta, bithéagsúlachta agus aeráide atá ar siúl i nGaillimh.
Ag labhairt dó faoi ócáid na bliana seo, dúirt Tiarnán McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, “Is é seo an tríú Giob Geab agus tá ríméad orainn i mbliana a bheith ag comhoibriú le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá saibhreas timpeallachta sármhaith ar fud na Cathrach, an Chontae agus níos faide i gcéin, agus ba bhreá linn cloisteáil uaibh.”
Déanfaidh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus foireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe cur i láthair ag an imeacht seo chomh maith. Tabharfaidh an oíche deis iontach do dhaoine a bheith ag líonrú agus ag foghlaim i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil agus réchúiseach.
Má tá tú ag iarraidh cur i láthair a dhéanamh, seol ríomhphost chuig Climate@GalwayCity.ie agus/nó ClimateAction@GalwayCoCo.ie faoi am scoir gnó, Dé hAoine, an 5 Meitheamh - Tabhair ainm agus tionscadal an ghrúpa le fios.
Tá an t-imeacht seo eagraithe i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Bailte Slachtmhara na Gaillimhe, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus Ionad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin agus faoin bhféile aeráide i gcoitinne téigh chuig: www.GalwayClimateFestival.ie