Seoladh Oifigiúil Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe

people holding signage at launch of festival in park

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.

Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta. Tá an clár seo leagtha amach chun samhlaíocht phoiblí a spreagadh agus pobail a chumasú chun gníomhú go fiúntach ar son na haeráide.

Is i bPáirc an Athar de Búrca is mó a bheidh imeachtaí na féile ar siúl agus is iad na cainteoirí atá deimhnithe go dtí seo Harrison Gardner, láithreoir “Build Your Own Home” ar RTÉ, an tOllamh John Sweeney, an t-ailtire Róisín Murphy, an t-údar John Gibbons agus na ceoltóirí Sharon Shannon, Jiggy agus DJ Sally Cinnamon. 

Ag caint ar an bhféile seo, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:

“Tabharfar na gnéithe is fearr de chathair na Gaillimhe le chéile le haghaidh na féile seo - ár gcultúir chruthaitheacha, pobail agus acadúla. D’fhreastail mé ar an ócáid anuraidh agus thóg an rannpháirtíocht pobail agus an nuálacht mo chroí, agus tá mé ag tnúth leis an réimse iontach imeachtaí a bheidh ann in 2026.”

Is éard a dúirt an tUasal Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Is deis a bheidh i bhFéile Aeráide na Gaillimhe a bheith i bpáirt leis an bpobal maidir le gníomhú ar son na haeráide. Cuirfidh sé béim freisin ar ghníomhartha Cathrach agus Contae na Gaillimhe ar son na haeráide agus cuirfidh sé an obair iontach atá ar siúl sa bpobal maidir leis an inbhuanaitheacht chun cinn.”

Beidh an Climate Cocktail Club páirteach i bhféile na bliana seo Dé hAoine an 26 Meitheamh i bPáirc an Athar de Búrca lena mbainfidh an téama ‘Tionchar an Atlantaigh Fhiáin’, a thabharfaidh inbhuanaitheacht cheannródaíoch agus dea-ghníomhú ar son na haeráide le chéile san Iarthar. Beidh neart cainteanna ar bun freisin lena n-áirítear ‘An chumarsáid ina réiteach ar ghníomhú ar son na haeráide’ leis an Ollamh John Sweeney agus Róisín Murphy; ‘an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta, Taisteal Gníomhach agus Athrú Iompraíochta’ le saineolaithe náisiúnta agus áitiúla, agus labhróidh Harrison Gardner RTÉ faoi ‘The Great Unbuilding: Using What We Have to Build What We Need', ina dtabharfar dúshlán smaointe traidisiúnta maidir le dul chun cinn agus cúrsaí tógála, ag déanamh cáis ar son cur chuige níos acmhainní agus níos seiftiúla i leith na timpeallachta tógtha.

Fuair an Fhéile Inspioráidí Aeráide aitheantas náisiúnta, bhain sé Féile na Bliana amach i nGradaim Chambers Ireland as Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil in 2025.

Tá tacaíocht á fáil ag an bhféile ó Chomhairlí Cathrach agus Chontae na Gaillimhe, CFPÁ, The City Bin Company, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe agus Bailte Slachtmhara na Gaillimhe.

Chun clár iomlán na féile a fheiceáil, téigh chuig: www.GalwayClimateFestival.ie 

Related news