Breis agus 50 Seirbhís agus Tacaíocht faoi Aon Díon Amháin ag Mórthaispeántas Gaillimh le Chéile

Group of people holding hands in a circle on poster for Galway Expo event

 

Tugtar cuireadh dóibhsean a bhfuil cónaí orthu i gCathair agus i gContae na Gaillimhe freastal ar Mhórthaispeántas Gaillimh le Chéile, imeacht saor in aisce lena dtugtar breis agus 50 eagraíocht, seirbhís agus gníomhaireacht tacaíochta le chéile chun cúnamh a thabhairt do dhaoine fanacht sláintiúil, neamhspleách, ar an eolas agus ceangailte le daoine eile. Dé Luain an 2 Samhain 2026 a bheidh an t-imeacht ar siúl in Óstán an Galmont i nGaillimh. Osclófar na doirse ag 11am agus beidh an Mórthaispeántas ar siúl go dtí 3pm. 

Arna eagrú i gcomhpháirt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe trí Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla Chathair agus Chontae na Gaillimhe (CSPÁnna), tríd an gClár Gaillimh Shláintiúil, agus trí Chlár Aoisbhá na Gaillimhe, taispeánfar raon leathan seirbhísí le linn an Mhórthaispeántais atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’fholláine, do shábháilteacht, do shláinte agus do chuimsiú sóisialta an phobail.

Beidh deis ag an lucht freastail labhairt go díreach le hionadaithe ó eagraíochtaí lena n-áirítear FSS, an tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta, Clár na dTithe Aoisbháúla, Póilíneacht Phobail an Gharda Síochána, Foirne Pobail na nÚdarás Áitiúil, Webwise, Tascfhórsa Réigiúnach an Iarthair um Dhrugaí agus Alcól, agus go leor eile. Beidh eolas le fáil faoi thacaíochtaí áitiúla, deontais, seirbhísí agus tionscnaimh phobail i rith an lae.

Beidh clár de chainteanna ó shaineolaithe ar siúl le linn an imeachta freisin lena bpléifear ábhair amhail úsáid idirlín níos sábháilte ó Bheolíne Idirlín na hÉireann, tacaíochtaí cinnteoireachta agus pleanáil amach anseo ón tSeirbhís Tacaíochta Cinnteoireachta, aosú agus folláine ó Ollscoil na Gaillimhe, agus bia agus cothú sláintiúil ó FSS.

Is féidir le lucht freastail cuairt a thabhairt freisin ar limistéar folláine tiomnaithe ina mbeidh seisiúin agus taispeántais ar siúl a thabharfaidh blaiseadh saor in aisce dóibh de leithéidí Ba Duan Jin, Tai Chi, agus Ióga Cathaoireach, a chuirfidh deiseanna praiticiúla ar fáil chun tacú le folláine cholainne agus mheabhrach.

Mar chuid d'fhócas an Mhórthaispeántais ar shláinte agus folláine, cuirfidh Croí, Fondúireacht Chairdiach agus Stróc Iarthar na hÉireann seiceálacha sláinte tapa ar fáil saor in aisce le linn an imeachta. Altraí cáilithe a chuirfidh an tseirbhís ar fáil, a mbeidh seiceálacha brú fola agus frithbhuailte mar chuid di mar aon le comhairle stíl mhaireachtála, eolas faoi fhachtóirí riosca a bhainistiú, treoir chuig tacaíochtaí ábhartha, agus cárta taifead sláinte pearsanta. Ní thógann na seiceálacha ach 10 go 15 nóiméad, a thugann deis luachmhar don lucht freastail níos mó a fhoghlaim faoina sláinte chardashoithíoch agus fáil a bheith acu ar thacaíocht leanúnach trí Líne Tacaíochta Altra Croí má theastaíonn sé.

Ag labhairt dó roimh an ócáid thar ceann Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla Chathair agus Chontae na Gaillimhe, dúirt an Cathaoirleach Andrew Reddington, Cathaoirleach CSPÁ Chontae na Gaillimhe:

"Is éard atá i gceist le Mórthaispeántas Gaillimh le Chéile daoine agus seirbhísí a thabhairt le chéile in aon spás insroichte amháin. Tá go leor tacaíochtaí luachmhara ar fáil ar fud na Gaillimhe, ach ní bhíonn daoine ar an eolas fúthu i gcónaí. Tugann an ócáid seo deis do dhaoine bualadh le soláthraithe seirbhíse duine le duine, ceisteanna a chur, agus foghlaim faoi acmhainní a d'fhéadfadh cabhrú leo fanacht sábháilte, ceangailte agus gníomhach ina bpobail."

Ag labhairt di thar ceann an Chláir Gaillimh Shláintiúil, dúirt Aisling Colreavy:

"Tá tionchar ag go leor fachtóirí ar shláinte mhaith, lena n-áirítear comhcheangailteacht shóisialta, teacht a bheith ar fhaisnéis, gníomhaíocht colainne agus tacaíocht phobail. Leagann Gaillimh le chéile béim ar an réimse leathan seirbhísí agus clár atá ar fáil ar fud na cathrach agus an chontae a chuidíonn le daoine saol níos sláintiúla agus níos sásúla a bheith acu. Molaimid do gach duine teacht le chéile, súil ghrinn a chaitheamh ar an méid atá ar fáil agus bealaí nua a aimsiú chun tacú lena bhfolláine."

Léiríonn Mórthaispeántas Gaillimh le Chéile an cur chuige láidir comhpháirtíochta atá á ghlacadh ar fud na Gaillimhe chun tacú le pobail níos sláintiúla, níos sábháilte agus níos cuimsithí. Trí ghníomhaireachtaí reachtúla, eagraíochtaí pobail agus seirbhísí áitiúla a thabhairt le chéile faoi aon díon amháin, tá sé mar aidhm leis an imeacht faisnéis agus tacaíochtaí a dhéanamh níos inrochtana do gach uile dhuine, beag beann ar aois.

Is imeacht saor in aisce é agus tá fáilte roimh an bpobal ar fad.

Sonraí an Imeachta

Imeacht: Mórthaispeántas Gaillimh le Chéile
Dáta: Dé Luain, an 2 Samhain 2026
Am: 11:00am – 3:00pm
Ionad: Óstán an Galmont, Gaillimh
Clárú: https://forms.cloud.microsoft/e/HXEyJUDTYL 
Tuilleadh eolais: CommunitySafety@GalwayCity.ie

Faigheann Mórthaispeántas Gaillimh le Chéile tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ó Éire Shláintiúil, ó Chlár Aoisbhá na Gaillimhe, ó Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, ó Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe agus ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce trí Chiste Sábháilteachta Pobail 2026.