Tá athrú mór i ndán do chroílár stairiúil meánaoiseach Chathair na Gaillimhe tar éis do na Comhairleoirí iarratas pleanála a cheadú d'aon ghuth do Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna. Deis nach dtagann go minic atá sa tionscadal uaillmhianach seo, ar fiú na milliúin euro é, le huasghrádú críochnúil a dhéanamh ar cheann de na ceantair is beoga dá bhfuil againn i lár na Gaillimhe, agus an carachtar speisialta a bhaineann leis an gceantar a chaomhnú ag an am céanna. Cruthóidh an tionscadal timpeallacht níos sábháilte, níos tarraingtí agus níos inrochtana do na cónaitheoirí chomh maith le cuairteoirí, agus bainfidh na gnólachtaí agus ceantar lár na cathrach i gcoitinne leas as seo.
Ag cruinniú iomlánach na Comhairle i mí Mheán Fómhair, cheadaigh na Comhairleoirí d'aon ghuth iarratas pleanála faoi Chuid 8 le cead a thabhairt don tionscadal seo dul ar aghaidh. Feabhsófar na sráideanna agus na spásanna poiblí feadh na Sráide Trasna, na Sráide Láir, Shráid na Súdairí, Bhóithrín na Bláthaí agus Shlí na Bláthaí.
Tá cáil ar an gceantar seo mar gheall ar chomh bríomhar agus atá sé, na gnólachtaí áitiúla atá lonnaithe ann, na himeachtaí cultúir a bhíonn ar siúl ann agus an chaoi go bhfuil sé ceangailte leis an gCeathrú Laidineach agus le lár na cathrach i gcoitinne. Is ann atá cuid de na sráideanna is mó a dtugtar cuairt orthu i lár chathair na Gaillimhe. Mar sin féin, tá cuid den spás poiblí seanchaite faoin am seo agus is gá é a fheabhsú. De bharr go mbeidh uasghrádú déanta ar na spásanna poiblí, cabhróidh an tionscadal lena chinntiú go mbeidh rath ar an gceantar i gcónaí mar chuid beoga agus fáilteach de lár na cathrach.
Is é aidhm an tionscadail seo ná cur le líon na ndaoine a thagann isteach sa gceantar agus leis an méid ama a chaitheann siad ann, rud a chuideoidh leis na gnólachtaí áitiúla agus leis na spásanna cultúir. Féachfaidh sé leis an oiread buntáiste agus is féidir a bhaint as na deiseanna a bhaineann le hoidhreacht uathúil na Gaillimhe trí áit a chruthú a mbeidh fonn ar dhaoine scaitheamh a chaitheamh ann agus é ainmnithe cheana féin mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta Chathair na Gaillimhe. Cruthófar spás cuimsitheach agus fáilteach, rud a fhágfaidh go mbeidh na sráideanna atá i lár na cathrach níos feiliúnaí le maireachtáil iontu. Tabharfar tús áite do shábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag siúl, ag rothaíocht agus ar ghléasanna rothaí ach déanfar freastal freisin ar riachtanais na ndreamanna eile a úsáideann na bóithre. Cruthóidh an togra coincheap sráide solúbtha a sheasfaidh i bhfad agus a chinnteoidh go mbeidh solúbthacht ag baint leis an úsáid a bhainfear as an tsráid agus go ndéanfar freastal ar na cónaitheoirí agus ar na gnólachtaí, chomh maith leis an oidhreacht, an turasóireacht agus ár n-imeachtaí cultúir.
D’fháiltigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu roimh na feabhsúcháin atá beartaithe a dhéanamh ar an tsráid. "Cuirfidh an tionscadal seo athrú ó bhonn ar Ghaillimh agus tabharfaidh sé cosaint don oidhreacht thógtha ar leith a tharraingíonn cáil ar lár na cathrach. Fágfaidh sé oidhreacht dhearfach a mhairfidh ar feadh na mblianta, agus tionchar aige ar an gcaoi a n-úsáidfidh na glúnta atá le teacht na sráideanna seo. Comhghairdeas leo siúd ar fad a d'oibrigh ar an tionscadal agus a thug tacaíocht dó go dtí seo agus tá mé ag súil lena fheiceáil á thabhairt chun críche go rathúil sna blianta beaga amach romhainn."
Sula ndearnadh an t-iarratas pleanála, bhí próiseas leathan comhairliúcháin phoiblí ar bun le go leor páirtithe leasmhara, ina measc gnólachtaí agus cónaitheoirí áitiúla, úinéirí réadmhaoine, baill thofa, seirbhísí éigeandála agus grúpaí inrochtaineachta. Eagraíodh imeachtaí rannpháirtíochta oscailte ag céimeanna éagsúla den fhorbairt ar mhaithe le haiseolas a fháil faoi na tograí de réir mar a bhí siad á ndearadh. Leanfar den chur chuige comhoibríoch seo anois le linn na gcéimeanna mionsonraithe dearaidh agus le linn na tógála, agus coinneoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe uirthi ag obair le páirtithe leasmhara ar mhaithe leis an Tionscadal seo a cur i gcrích go rathúil ar son na ndaoine ar fad atá ag obair agus ag maireachtáil sa gceantar seo agus an dream a thugann cuairt ar an áit. Táthar ag súil tús a chur leis an obair thógála i lár na bliana 2028, tráth a mbeidh na hoibreacha dearaidh mionsonraithe críochnaithe, agus oibreoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i ndlúthpháirt leis an bpobal áitiúil sula dtosóidh an obair agus lena linn chun breathnú amach chomh maith agus is féidir do leas an lucht gnó, go háirithe le linn buaicthréimhsí, lena n-áirítear le linn imeachtaí agus féilte. Tá costas réamh-mheasta €11 milliún ag baint le Tionscadal Athnuachana na Sráide Trasna agus tá sé á chómhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus ag Ciste Athnuachana agus Forbartha Uirbeach an rialtais (URDF). D'fhostaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe BDP (Building Design Partnership) mar phríomhailtire ar an bhfoireann Deartha Ildisciplíneach don tionscadal.
Tá fáilte curtha ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle Leonard Cleary roimh an gcinneadh dearfach i leith na pleanála. "Tá ríméad orm gur thacaigh na Feisirí Tofa d'aon ghuth leis an togra tábhachtach seo do chroílár Chathair na Gaillimhe. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an tSráid Thrasna, an tSráid Láir agus na lánaí máguaird ina n-áiteanna a bhféadfaidh Gaillimh a bheith bródúil astu, agus go mbeidh spásanna poiblí ar ardchaighdeán ar fáil a chuirfidh le saol sóisialta, cultúir agus eacnamaíoch na cathrach faoi láthair agus amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le foireann Uirbeachais agus Comhfhorbartha Áite Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis na príomhchomhairleoirí BDP as a gcuid oibre go dtí seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe maoinithe freisin. Tá a dtacaíocht seo ríthábhachtach lena chinntiú go bhfanfaidh Gaillimh ina cathair atá nua-aimseartha agus bríomhar agus go gcoinneoidh sí uirthi ag forbairt ar bhealach inbhuanaithe."
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna ar leathanach gréasáin an tionscadail ag https://www.galwaycity.ie/ga/abhaile/uirbeacht-agus-reimse-poibli/tionscadal-athnuachana-na-sraide-trasna