D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, na tionscadail ar éirigh leo faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2026 Déardaoin, 2 Iúil 2026.
€146,293.30 san iomlán atá leithdháilte ar 79 tionscadal ar fud Chathair na Gaillimhe. Tacóidh an maoiniú seo le hoibreacha caipitil ar scála beag agus le ceannach trealaimh riachtanach le húsáid ag an bpobal.
Féadfar an maoiniú a úsáid ar mhaithe le réimse leathan cuspóirí, lena n-áirítear feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, tacú le rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh in áiseanna pobail chun cuidiú le costais oibriúcháin leanúnacha a laghdú.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu:
“Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil thar a bheith luachmhar do na grúpaí agus na hoibrithe deonacha go léir a oibríonn gan staonadh ar fud Chathair na Gaillimhe. Cabhraíonn an maoiniú seo leo leanúint leis an obair thábhachtach a bhíonn ar bun acu agus cinntíonn sé go bhfanann ár bpobail bríomhar, ionchuimsitheach agus dea-tacaithe.”
Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an bhfógra freisin:
“Is infheistíocht fhiúntach i bpobail Chathair na Gaillimhe an maoiniú seo. Cuireann sé ar chumas eagraíochtaí áitiúla leanúint de sheirbhísí, gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil a neartaíonn comharsanachtaí agus chuireann feabhas ar cháilíocht na beatha.”
Seoladh an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 i mí na Nollag 2025 agus cuireann sé maoiniú caipitil €7 milliún ar fáil go náisiúnta chun tacú le grúpaí agus eagraíochtaí beaga pobail, go háirithe iad siúd atá i mbun oibre i gceantair faoi mhíbhuntáiste i suíomhanna tuaithe agus uirbeacha araon. Tacófar le breis agus 4,100 tionscadal aonair ar fud na hÉireann i mbliana.
Comhairle Cathrach na Gaillimhe a riarann an clár thar ceann Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CFPÁ) agus tá sé maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta.
Is féidir an liosta iomlán de na tionscadail i gCathair na Gaillimhe ar éirigh leo a fheiceáil ag LEP 2026 Succcesful Groups - Galway City .pdf.