Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an nGearrliosta do Dhá Ghradam ag Gradaim Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil 2026

awards

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag ceiliúradh aitheantas náisiúnta tar éis dóibh an gearrliosta a bhaint amach in dhá chatagóir ag Gradaim Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil 2026. Leagann na tionscadail, atá gearrliostaithe sna catagóirí Éagsúlacht, Comhionannas agus Cuimsiú agus Tacaíocht do Phobail Inbhuanaithe, béim  ar thiomantas leanúnach an údaráis áitiúil seirbhísí cuimsitheacha, atá dírithe ar dhaoine a chur ar fáil agus pobail a neartú ar fud na Gaillimhe.

Arna n-eagrú ag Chambers Ireland, meastar gurb iad na Gradaim Barr Feabhais sa Rialtais Áitiúil príomhchlár gradam earnáil rialtais áitiúil na hÉireann. Déantar ceiliúrann leis na gradaim seo ar an dea-chleachtas, ar nuálaíocht agus ar thionchar dearfach na n-údarás áitiúil ar na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu, ag tabhairt aitheantais do thionscadal a chuireann feabhas ar chaighdeán na beatha agus a neartaíonn pobail áitiúla ar fud na tíre.

Léiríonn an dá thionscadal ar an ngearrliosta, The Living My Life Project, tionscadal i gcomhar idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe sa chatagóir Tacaíocht do Phobail Inbhuanaithe, agus Scéim Grúpthithíochta Lucht Siúil Bhóithrín na Saoirse sa chatagóir Éagsúlacht, Comhionannas agus Cuimsiú, luach na comhpháirtíochta, an chuimsithe agus cur chuige faoi stiúir an phobail chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta agus chun tacú le cuimsiú sóisialta.

Is tionscnamh i gcomhar é The Living My Life Project lena mbaineann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Éirim an Iarthair, Corlann Iarthar Éireann – Réigiún an Iarthair agus Proactive Carers Galway. Leis an tionscadal seo, cuidítear le daoine faoi mhíchumas intleachtúil rochtain a fháil ar thithíocht agus saol níos neamhspleáiche a chaitheamh laistigh dá bpobail, le béim láidir ar chuimsiú, rogha, pobail inbhuanaithe agus saol ar a gconlán féin a chaitheamh. Go dtí seo, tá cúnamh tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe do The Living My Life Project chun tithíocht a fháil do 13 duine trí leithdháiltí díreacha ó Údaráis Áitiúla agus ó Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe, HAP agus Maoiniú Caipitil.

Is tionscnamh tithíochta faoi stiúir an Lucht Siúil é Bóithrín na Saoirse atá curtha i gcrích ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le CENA. Cuireadh cúig theach nua-aimseartha, atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de, ar fáil faoin bhforbairt seo in ionad láithreáin stad seanbhunaithe agus rinneadh é a dhearadh trí phróiseas comhchruthaithe fairsing leis na teaghlaigh atá ina gcónaí ann. Tá aitheantas tugtha don scéim as a tiomantas do chuimsiú, d’aitheantas cultúir agus do rannpháirtíocht an phobail sa seachadadh tithíochta.

Chuir Méara na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu, fáilte roimh an ngearrliostú.

"Tá ríméad orm go bhfuil aitheantas náisiúnta tugtha do dhá thionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trína ngearrliostú le haghaidh Ghradaim Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil na bliana seo. Léiríonn na tionscadail seo an tionchar dearfach is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn an rialtas áitiúil i gcomhpháirtíocht le pobail, cónaitheoirí agus páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar fhíor-riachtanais agus deiseanna a chruthú do dhaoine chun go mbeidh siad faoi bhláth. Léiríonn an gearrliosta an uaillmhian, an nuálaíocht agus an tiomantas a leanann de chathair chuimsitheach agus fhorásach a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe."

Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an ngaisce freisin:

"Is iontach an t-éacht é a bheith ar an ngearrliosta do na Gradaim Barr Feabhais sa Rialtas Áitiúil agus is mór an oighe é ar fhoireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar ár gcomhpháirtithe ar na tionscadail seo, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Éirim an Iarthair, Corlann Iarthar Éireann – Réigiún an Iarthair, Proactive Carers Galway agus CENA. Léiríonn an dá thionscadal cur chuige comhoibríocha atá dírithe ar an duine atá ag déanamh difríocht fhiúntach i saol na gcónaitheoirí agus ag cuidiú le pobail níos láidre a thógáil. Tá muid thar a bheith mórtasach as an aitheantas atá faighte ag an obair seo ar leibhéal náisiúnta."

Bronnfar na gradaim Déardaoin an 26 Samhain in Óstán an Crowne Plaza, Páirc na Coille Thuaidh, Diméin Sheantraibh, Baile Átha Cliath 9.

Related news