Cuirfear tús le comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar Dhréachtfhís Deartha Uirbigh do Thailte Mhuirbhigh Dé hAoine seo chugainn, an 23 Deireadh Fómhair.
Leagtar creat straitéiseach uaillmhianach amach sa phlean chun comharsanachtaí inbhuanaithe dea-nasctha a thógáil ar 34 heicteár talún in oirthear na cathrach – ina mbeadh suas le 2,500 áras cónaithe nua, stáisiún traenach nua, cosaint ar thuilte, saoráidí spraoi, spásanna glasa oscailte agus moil phobail.
Tá fáilte roimh dhaoine aiseolas a thabhairt ag imeacht ‘buail isteach’ a bheidh ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh an 5 Samhain, nó aiseolas a thabhairt ar líne tríd an tairseach comhairliúcháin ar líne https://Consult.GalwayCity.ie/en/Browse
Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán poiblí ag 5pm, Dé Luain an 23 Samhain.
Sonraí Straitéiseacha na Físe do Thailte Mhuirbhigh
Cuirtear máistirphlean cuimsitheach i láthair leis an bhFís Deartha Uirbigh atá beartaithe, atá ceaptha chun pobal cósta bríomhar atá dírithe ar iompar a bhunú. I measc na bpríomhghnéithe den togra tá:
- Soláthar Mór Tithíochta: Leagtar amach sa gcreat an acmhainneacht fhadtéarmach a bheadh ann freastal ar suas le 2,500 áras cónaithe nua, a chuirfeadh go mór le hacmhainneacht chónaithe na cathrach.
- Bonneagar atá Dírithe ar Iompar: Comhtháthaítear leis an bhfís taisteal gníomhach inbhuanaithe agus naisc idirthurais phoiblí, ina bhfuil sé beartaithe stáisiún traenach nua a thógáil, Ghlasbhealach na Gaillimhe-Bhaile Átha Cliath a ródú, agus síneadh a chur le líonra rotharbhealaí agus cosán tiomnaithe.
- Cosaint an Chósta agus Cosaint ar Thuilte: I bhfianaise na timpeallachta cósta atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, tugtar tús áite sa bplean don teach aniar in aghaidh an athraithe aeráide trí áis líneach chósta nua agus creat comhtháite don chosaint ar thuilte a phleanáil.
- Áiseanna Poiblí agus Spásanna Oscailte: Cuirfear roinnt mhaith den chúlsoláthar talún ar leataobh don chaitheamh aimsire poiblí, ar mhaithe le háiseanna ríthábhachtacha comharsanachta, amhail saoráidí struchtúrtha spraoi, spásanna glasa oscailte, agus moil phobail, a chur ar fáil.
Imeacht Buail Isteach chun Bualadh leis an bhFoireann Deartha
Chun caidreamh a chothú leis an bpobal, reáchtálfar imeacht buail isteach Déardaoin an 5 Samhain in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tugtar cuireadh don phobal áitiúil, do gheallsealbhóirí agus do pháirtithe leasmhara féachaint ar an Dréachtfhís Deartha Uirbigh, bualadh le foireann deartha an tionscadail agus aiseolas díreach a thabhairt.
-
Dáta: Déardaoin, an 5 Samhain 2026
-
Amanna: Seisiún luath sa tráthnóna: 3:30 p.m. go 5:00 p.m.
-
Seisiún amach sa tráthnóna: 6:30 p.m. go 8:00 p.m.
-
Ionad: An Forhalla Tosaigh, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Bóthar Pháirc an Tobair, H91 DY9Y, Gaillimh
Tréimhse an Chomhairliúcháin Phoiblí
Cuirfear tús oifigiúil leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair 2026 agus tiocfaidh deireadh leis ag 5:00 p.m. Dé Luain, an 23 Samhain 2026.
Tá gach doiciméad comhairliúcháin ar fáil le féachaint orthu go díreach ar Thairseach Comhairliúcháin ar Líne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag https://Consult.GalwayCity.ie/en/Browse
An Chaoi le hAighneacht a Dhéanamh
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh gach tuairim agus aighneacht maidir leis an bhfís atá beartaithe. Ní mór aighneachtaí a dhéanamh trí cheann de na bealaí seo a leanas:
- Go Leictreonach: Trí Thairseach Chomhairliúcháin ar Líne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, féach https://Consult.GalwayCity.ie/en/Browse
- Ar an bpost chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91X4K8.
Spriocdháta: Ní mór gach aighneacht agus tuairim a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5.00pm Dé Luain, an 23 Samhain 2026. Ní dhéanfar breithniú ar iarratais a bheidh mall.
Táthar ag tabhairt faoin tionscnamh seo i gcomhréir le Cuspóir Polasaí 10.6.1 de Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 (arna athrú). Is é Reddy Architecture agus Urbanism a réitigh an Dréachtfhís Deartha Uirbigh.