Comhairliúchán Poiblí do Dhréacht-Fhodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

City Hall

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú, Fodhlíthe a dhéanamh de réir Chéim 2 den Athbhreithniú Náisiúnta ar Luasteorainneacha, eadhon Fodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is é cuspóir na bhFodhlíthe seo ná luasteorainneacha speisialta a chur i bhfeidhm ar bhóithre poiblí laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí ón Aoine, an 3 Iúil 2026 go dtí an Máirt, an 4 Lúnasa 2026 (an dá lá sin san áireamh). Le linn na tréimhse sin, beidh na dréacht-Fhodhlíthe ar fáil lena mbreathnú agus lena n-íoslódáil ag  https://consult.galwaycity.ie/browse. Dóibh siúd nach bhfuil teacht ar an idirlíon acu, beidh cóip de na dréacht‑Fhodhlíthe ar fáil lena scrúdú sna háiteanna atá liostaithe thíos, le linn gnáthuaireanta oscailte:

  • Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh,

  • Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid San Aibhistín, Gaillimh.

  • Leabharlann an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, an Baile Bán, Gaillimh.

  • Leabharlann an Taoibh Thiar, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh.

Féadfar agóidí i gcoinne na ndréacht‑Fhodhlíthe a chur ar aghaidh ó Dé hAoine, an 3 Iúil 2026 go dtí 4pm Dé Máirt, an 4 Lúnasa 2026 (an dá lá sin san áireamh), ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Ar an tairseach aighneachta ar líne tar éis clárú ar https://consult.galwaycity.ie/browse

  • Ar an bpost chuig: An tInnealtóir Sinsearach, An Rannóg Iompair agus Bóithre, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91X4K8.

Ba cheart agóidí a chur ar aghaidh ar aon bhealach amháin, i.e. tríd an tairseach comhairliúcháin nó trí chóip chrua ar an bpost. 4pm an 04 Lúnasa 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hagóidí.

Arna shíniú ag:

Patrick Greene,

Stiúrthóir Seirbhísí, 

An Stiúrthóireacht um Fhorbairt Oibríochtúil