Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go reáchtálfar an Comórtas um Spásanna ar son na Bithéagsúlachta 2026. Cuireann an tionscnamh gairdíní príobháideacha, láithreacha poiblí, scoileanna agus spásanna don phobal a chuidíonn leis an mbithéagsúlacht chun cinn ar fud na cathrach.
Tabharfar onóir do na buaiteoirí ar fad i ngach catagóir ag searmanas bronnta i mí na Samhna. Bronnfar gradam ar an té a thagann sa gcéad áit, agus tabharfar amach dearbháin agus teastais i bhfrámaí.
Leagtar béim leis an gcomórtas seo ar an tábhacht a bhaineann le spásanna beaga agus muid ag iarraidh inbhuanaitheacht timpeallachta a chur chun cinn agus cosaint a thabhairt do phailneoirí. Spreagtar rannpháirtithe a bheith cruthaitheach agus iad ag tabhairt faoi ghnáthóga faoi bhláth a dhéanamh de láithreacha ar nós gairdíní cónaitheacha, fearann poiblí agus araile. Tabharfar aird speisialta do dhearaí a chuireann bia, foscadh agus sábháilteacht ar fáil do phailneoirí amhail beacha agus féileacáin.
Leag Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, béim ar an tionchar atá ag iarrachtaí aonair ar gach duine.
‘Is gairdíní príobháideacha iad cuid mhaith de láithreacha na ngnáthóg, agus de ghnáthóga féideartha, timpeall na cathrach. Spreagtar an fhéidearthacht sin sa gcomórtas seo chun ‘nideoga nádúir’ tábhachtacha a chruthú timpeall orainn. Ní gairdíní bearrtha go néata atá uainn—tá muid ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar nithe fiáine, ar bhláthanna dúchasacha agus ar spásanna beaga a chothaítear agus cosaint don bhithéagsúlacht ag a gcroílár. Is cuma más gairdín fairsing nó cúinne beag atá ann, bailíonn brobh beart chun rud éigin fíorchumhachtach a dhéanamh do nádúr na Gaillimhe.’
Cruthaíodh a lán spásanna iontacha a bhí cruthaitheach agus a thacaigh leis an bhfiadhúlra i rith an chomórtais anuraidh. Is cinnte go raibh bród an domhain ar na rannpháirtithe as an méid a chuir siad ar fáil. Tá an tionscnamh ag teacht le Plean Gníomhaíochta ar son na Bithéagsúlachta agus Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Táthar ag siúl go gcuirfear daoine ar an aird ar an gcaoi a gcosnaítear agus a bhfeabhsaítear bithéagsúlacht uirbeach.
Tá fáilte roimh iarratais ó cheann ceann Chathair na Gaillimhe. Cuirtear réadmhaoin chónaithe, scoileanna, grúpaí pobail agus comhlachtaí san áireamh. Cuirtear deis uathúil ar fáil ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí na gcónaitheoirí agus nósanna timpeallachta inbhuanaithe a chur chun cinn.
Léirigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard a scleondar i leith an chomórtais bhliantúil seo:
‘Bhí muintir na Gaillimhe bródúil i gcónaí as an aire a thugann siad dá gcathair agus don mhéid atá timpeall uirthi. A bhuí leis an gcomórtas seo, tugtar deis thábhachtach don Chomhairle aitheantas a thabhairt don díograis sin agus níos mó daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas agus chun caitheamh lena gcuid spásanna faoin aer mar thearmainn luachmhara don dúlra.
Léirítear an gealltanas comhchoiteann i nGaillimh tacú leis an timpeallacht agus a bheith níos inbhuanaithe i reáchtáil an Chomórtais um Spásanna ar son na Bithéagsúlachta. Trí sin a dhéanamh, táthar ag súil go dtuigfear an tábhacht a bhaineann le gach spás beag do rath an dúlra áitiúil.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, téigh chuig:
https://www.galwaycity.ie/services/environment/environment-services/spaces-for-biodiversity-competition-2026
Chun sainchomhairle faoi gharraíodóireacht don bhithéagsúlacht agus spásanna do phailneoirí a chruthú, téigh chuig: www.pollinators.ie