Cuireadh Tugtha do Chónaitheoirí Chathair na Gaillimhe Cabhrú le Todhchaí na Sábháilteachta Pobail a Mhúnlú

people standing for photo

Clár Comhairliúcháin Phoiblí Seolta ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe le haghaidh Plean Sábháilteachta Pobail Nua

Tá Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CSPÁ) ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí, do ghrúpaí pobail, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ar fud na cathrach páirt a ghlacadh i sraith imeachtaí comhairliúcháin phoiblí atá dírithe ar Phlean Sábháilteachta Pobail nua do Chathair na Gaillimhe a mhúnlú. Tabharfar deis do dhaoine faoin gcomhairliúchán seo a dtaithí, a n-imní agus a smaointe a roinnt maidir le saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht pobail, folláine, cuimsiú, spásanna poiblí, seirbhísí áitiúla agus tosaíochtaí don chathair amach anseo. 

Tugtar ionadaithe ó phobail áitiúla, ó ghníomhaireachtaí reachtúla, ó sheirbhísí poiblí agus ó chomhaltaí tofa le chéile leis an CSPÁ chun oibriú i gcomhar le chéile chun sábháilteacht agus cáilíocht na beatha a fheabhsú ar fud Chathair na Gaillimhe. Is cuid lárnach d’fhorbairt an Phlean Sábháilteachta Pobail nua cluas éisteachta cheart a thabhairt do na daoine atá ina gcónaí, ag obair, ag staidéar agus ag caitheamh ama sa gcathair. 

Cabhróidh an próiseas comhairliúcháin leis na saincheisteanna is tábhachtaí do phobail a aithint agus cuirfidh sé eolas ar fáil do ghníomhartha praiticiúla a d’fhéadfadh áit níos sábháilte, níos ceangailte agus níos cuimsithí a dhéanamh de Ghaillimh do chách.

Dátaí agus Ionaid an Chomhairliúcháin Phoiblí

  • 7 Meán Fómhair – Óstán Pháirc Mhionlaigh, 12.00pm go 2.00pm
  • 7 Meán Fómhair – Óstán an Harbour, 6.30pm go 8.30pm
  • 8 Meán Fómhair – Óstán an Chlaí Bháin, Cnoc na Cathrach, 12.00pm go 2.00pm
  • 8 Meán Fómhair – Óstán an Chlaí Bháin, Cnoc na Cathrach, 6.30pm go 8.30pm
  • 9 Meán Fómhair – Óstán an Clayton, 12.00pm go 2.00pm
  • 9 Meán Fómhair – Óstán an Clayton, 6.30pm go 8.30pm

Cláraigh chun bheith i láthair

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil spéis acu freastal ar an ócáid an fhoirm chlárúcháin a líonadh isteach ar:

https://forms.cloud.microsoft/e/bnk1mBaRMV

Nó mar mhalairt air sin, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig: CommunitySafety@GalwayCity.ie 

Molann CSPÁ do gach duine a bhfuil suim acu i dtodhchaí Chathair na Gaillimhe freastal ar an ócáid agus a dtuairimí a chur in iúl.

D'ionchur. Fíorthionchar. Pobail níos fearr.

Is éard a bhí le rá ag Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe roimh na comhairliúcháin:

"Is éard atá i gceist le sábháilteacht pobail ná a chinntiú go mbraitheann daoine sábháilte, go bhfuil fáilte rompu agus go bhfuil ceangal acu leis na háiteanna ina gcónaíonn siad, ina n-oibríonn siad agus ina gcaitheann siad a gcuid ama. Tugtar deis thábhachtach do dhaoine aonair agus do phobail leis na comhairliúcháin seo cabhrú le tosaíochtaí agus gníomhartha a mhúnlú a chuirfidh eolas ar fáil do chéad Phlean Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe. Molann muid do gach duine páirt a ghlacadh, a dtuairimí a roinnt agus cabhrú linn cathair níos sábháilte, níos láidre agus níos cuimsithí a chur ar fáil do chách." 

Dúirt Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis:

"Beidh chomh maith is a éireoidh leis an bPlean Sábháilteachta Pobail ag brath ar chluas éisteachta cheart a thabhairt do na daoine agus do na pobail a bhfuil an plean dírithe orthu. Más rud é go mbaineann do chuid imní le sábháilteacht chomharsanachta, folláine an phobail, seirbhísí óige, spásanna poiblí, nó cuimsiú sóisialta, tá sé tábhachtach do chuid tuairimí a thabhairt. Ba mhaith linn go mbeadh an oiread daoine agus is féidir páirteach sa gcomhrá tábhachtach seo."

Tá i bhfad níos mó ná cosc ar choireacht agus póilíneacht i gceist le sábháilteacht pobail. Áirítear saincheisteanna amhail sláinte agus folláine, cuimsiú sóisialta, comhtháthú pobail, caighdeán na spásanna poiblí atá ar fáil, agus a chinntiú go mbraitheann gach duine sa tsochaí sábháilte agus go bhfuil tacaíocht acu. Leagfar fís chomhroinnte agus gníomhartha praiticiúla amach sa bPlean Sábháilteachta Pobail chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí áitiúla a thiocfaidh chun cinn as an gcomhairliúchán agus as an obair chomhpháirtíochta.