Deiseanna Tréimhse Cónaitheachta d’Ealaíontóirí

poster about residencies

Beidh fáilte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh iarratais ar Thréimhsí Cónaitheachta i rith na bliana 2026 ó shaothraithe na cruthaitheachta atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe. Is féidir le healaíontóirí iarratas a chur isteach atá ag obair i réimsí éagsúla ealaíontóireachta, an cultúr amharcealaíne, litríocht, scannánaíocht chomhaimseartha, ceol, damhsa, ailtireacht, amharclannaíocht, ealaíona traidisiúnta agus eile. 

Tá tréimhsí cónaitheachta ar fáil in:
Ionad Tyrone Guthrie (1- 15 Deireadh Fómhair 2026)
Áras Éanna, Inis Oírr (5 - 29 Bealtaine 2026)
Tréimhse Chónaitheachta Pat Coleman do Scríbhneoir atá ag Teacht chun Cinn (5 - 29 Bealtaine 2026)

Caithfidh iarrthóirí a n-éiríonn leo a bheith ar fáil don tréimhse cónaitheachta ar na dátaí a shonraítear.

Tugtar chun aire gur próiseas ar líne amháin atá i gceist leis an iarratas. Is féidir foirm iarratais agus treoirlínte a fháil ar www.galwaycity.ie/artsgrants

Seoltar aon cheist chuig arts@galwaycity.ie le “Fiosrú faoi Thréimhsí Cónaitheachta d’Ealaíontóirí 2026” sa líne maidir le hábhar na teachtaireachta.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 13 Aibreán 2026