Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag fáiltiú roimh iarratais ar Dheontas 2026 don Ionchuimsiú Sóisialta agus ciste iomlán €30,000 ar fáil.
Ní mór don mhaoiniú dul chun tacú le gníomhaíochtaí agus cláir don ionchuimsiú sóisialtaleis an gcomhionannas a chur chun cinn, leis an míbhuntáiste a laghdú agus leis an rannpháirtíocht a spreagadh i ngach pobal i gCathair na Gaillimhe. Tá deontais €300–€2,000 ar fáil lena gcaitheamh ar thionscnaimh neamhchaipitil, cuir i gcás ceardlanna, ranganna, clubanna sóisialta, seisiúin folláine, imeachtaí idirchultúrtha agus ar thionscadail eile leis an ionchuimsiú a neartú. Ní mór gach tionscadal a chur i gcrích faoin 31 Deireadh Fómhair 2026.
Glacfar le hiarratais ó ghrúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúis atá ag feidhmiú i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Iarratas ar líne: https://www.galwaycity.ie/deontaisum-chuimsiu-soisialta
An dáta óna nglacfar le hiarratais: 9.00rn, Dé Luain an 16 Feabhra
Dáta deiridh: 12.00 meán lae, Dé Luain an 9 Márta 2026
https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/deontais-um-chuimsiu-soisialta
Sonraí teagmhála má bhíonn cúnamh ag teastáil nó ceisteanna ann:
Deirdre Keaney Cunningham (Iarthar na Cathrach) – 087 146 5006
Natalie Coen (Lár na Cathrach) – 087 110 3209
Oliver Lydon (Oirthear na Cathrach) – 087 609 1460