Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an chéad údarás áitiúil in Éirinn a fuair maoiniú faoin gclár Gníomhartha Nuálacha de chuid an Tionscnamh Uirbigh Eorpaigh (EUI). Bronnadh €3,363,213 ar an gComhairle trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun treoir a thabhairt do thionscadal ceannródaíoch ar a dtugtar WATERWAY, a dhéanfaidh canálacha stairiúla na cathrach a athbheochan mar fhoinse fuinnimh ghlain, oideachais agus rannpháirtíochta poiblí.
Meastar gurb é luach iomlán an tionscadail €4.2 milliún agus léirítear leis sin ceannaireacht na Gaillimhe i nuálaíocht aeráide áitiúil. Tá WATERWAY ag teacht go hiomlán le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chathair na Gaillimhe agus le spriocanna náisiúnta na hÉireann faoi na hAchtanna um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin.
Uiscebhealaí na Gaillimhe a athmhúscailt
Feicfidh WATERWAY cur isteach trí thuirbín hidreachumhachta ar scála beag ag suíomhanna ar leith, ag athmhúscailt na gcanálacha a chuir cumhacht ar fáil do mhuilte agus do thionscail na cathrach fadó. Is iad na suíomhanna beartaithe atáá n-athbhreithniú faoi láthair ná Canáil Shráid an Mhuilinn, Oibreacha Uisce Thír Oileáin agus Foirgneamh Mhic Lochlainn, Oileán Altanach. Déanfar dearadh mionsonraithe ar na suíomhanna chun breithnithe dearaidh cuí a thabhairt chun críche.
Tá bonneagar ann cheana féin i gcuid de na suíomhanna atáá mbreithniú, mar shampla tuirbíní, bualchomhlaí agus lintéir, rud a cheadaíonn táirgeadh fuinnimh nua-aimseartha nach gcuirfidh isteach ar shuíomhanna mórán.
Bainfidh na tuirbíní seo leas as sreabhadh nádúrtha na gcanálacha chun leictreachas a ghiniúint le haghaidh úsáid phoiblí, lena n-áirítear cumhacht a sholáthar d’fhoirgnimh agus feithiclí leictreacha a luchtú, agus fuinneamh glan in-athnuaite á chur ar ais chuig an eangach leictreach ag an am céanna.
Tá an tionscnamh micrea-hidreachumhachta sábháilte don fhiadhúlra ar an talamh agus san uisce. Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo ná córais atá ann cheana a nuachóiriú agus cloíonn sé leis na treoirlínte foilsithe in Éirinn agus san AE. Úsáidtear scáileáin bhrainlín údaraithe chun aon iasc a stopadh ó dhul isteach, ach is féidir leo dul le sruth mar is gnách trí phasáiste saorshreafa, ag seachaint aon chur isteach ar phatrúin imirce éisc. Ní chuirfear aon trealamh isteach i bpríomhabhainn na Gaillimhe, agus díreoidh an tionscadal go hiomlán ar na canálacha tionsclaíocha saintógtha atá sa Chathair. Tá tuilleadh eolais faoi na tuirbíní hidreachumhachta ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
Tá measúnacht tionchair timpeallachta (MTT) críochnaithe ag foireann tionscadail WATERWAY, agus scagadh le haghaidh measúnacht chuí (AA) do gach suíomh. Is iad sainchomhairleoirí timpeallachta Éireannacha a thug faoin bpróiseas scagtha. Baineadh de thátal as an bpróiseas mionsonraithe seo d’aon ghuth go ndéantar an tionscadal a scagadh amach as an gceanglas maidir le EIA iomlán, AA/NIS (Ráiteas Tionchair Natura). Deimhnítear leis an gcinneadh seo go bhfuil riosca an-íseal ag baint leis an tionscadal agus nach mbeidh drochthionchar aige ar an timpeallacht. Cuirtear an tionscnamh ar fáil i gcomhréir iomlán le rialacháin phleanála na hÉireann agus le treoracha an AE.
Múnla d’Éirinn agus níos faide i gcéin
Tagann an fógra seo tar éis d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) béim a leagan ar an ngá práinneach atá le gníomhaíocht níos tapúla chun spriocanna aeráide a bhaint amach. Freagraíonn WATERWAY don dúshlán sin trí mhúnla inscálaithe a thairiscint d’aistriú fuinnimh i gcathracha na hÉireann.
Dúirt Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhíse Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Céim shuntasach chun cinn atá sa tionscnamh seo i dtiomantas na Gaillimhe don inbhuanaitheacht agus don nuálaíocht. Nuair a bheidh tionscadal Chathair na Gaillimhe i bhfeidhm, beidh sé ina shuíomh taispeántais d’údaráis áitiúla eile ar fud na hÉireann agus an AE, ag taispeáint conas is féidir bonneagar uisce nach mbaintear mórán úsáide as a athshamhlú chun tionchair dhearfacha timpeallachta, eacnamaíocha agus shóisialta a sholáthar.’’
Comhpháirtíocht Láidir Áitiúil agus Eorpach
Tugann an tionscadal foireann ardoilte de chomhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha agus idirnáisiúnta le chéile:
- *Comhairle Cathrach na Gaillimhe – Ceannaireacht tionscadail, forbairt suíomhanna, rannpháirtíocht an phobail, agus seachadadh straitéiseach.
- *Ollscoil na Gaillimhe – modúil oiliúna nua agus cláir uasoiliúna a chruthú i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlais atá dírithe ar mhic léinn, gairmithe luathghairme, agus daoine áitiúla a bhfuil suim acu in inbhuanaitheacht agus nuálaíocht aeráide.
- *Quirke Renewable Systems Teo - Ceannaireacht theicniúil ar staidéir féidearthachta agus cur isteach píolótach hidreachumhachta a sheachadadh.
- *Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe (GCCN) - For-rochtain pobail, ceardlanna, agus guthanna áitiúla a chur san áireamh.
- *Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (NWRA) - Gníomhaíochtaí athdhéanta, ailíniú polasaithe agus scaipeadh a chomhordú.
Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do gach comhpháirtí páirt a ghlacadh trí phróiseas comhoibríoch, bunaithe ar a saineolas aonair. Tá fís láidir forbartha ag na comhpháirtithe le chéile do thodhchaí na cathrach, agus ceadú agus maoiniú faighte acu ón gCoimisiún Eorpach.
Oibreoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus a comhpháirtithe go dlúth le comhairleoirí innealtóireachta, le saineolaithe timpeallachta, agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go mbeidh buntáistí intomhaiste ag baint leis an tionscadal ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú carbóin agus feasacht an phobail.
Oideachas, Pobal agus Oidhreacht
Dúirt Damien Redington, Comhordaitheoir Gníomhaithe Aeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is cuid lárnach de WATERWAY saotharlann bheo a bhunú - spás do cheardlanna, eispéiris foghlama, agus cuairteanna suímh atá dírithe ar scoileanna, coláistí, grúpaí pobail agus an pobal. Cinnteoidh sé seo go mbeidh muintir na Gaillimhe ní hamháin ar an eolas ach go mbeidh siad páirteach go gníomhach i gclaochlú aeráide na cathrach.
Cabhróidh an tionscadal freisin leis an gcéad ghlúin eile de ghairmithe aeráide in Éirinn a oiliúint, agus modúil acadúla nua forbartha ag Ollscoil na Gaillimhe atá dírithe ar hidreachumhacht, inbhuanaitheacht agus nuálaíocht.
Soláthróidh an fuinneamh a ghintear trí WATERWAY ioncam leanúnach a athinfheistítear i dtionscnaimh aeráide áitiúla, feachtais phobail, agus bonneagar glas amach anseo, rud atá iontach tábhachtach.’’
Ag Tógáil ar Oidhreacht Uisce na Gaillimhe
Níos luaithe i mbliana, ainmníodh Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar bhuaiteoir Ghradam Uile-Éireann Pobail agus Comhairle don “Rian/Uiscebhealach is Fearr in Éirinn”, ag ceiliúradh a cuid oibre ag oscailt canálacha agus aibhneacha mar áiseanna poiblí. Tógfaidh WATERWAY ar an rath sin trí chonair nua músaeim a chruthú taobh amuigh, a thabharfaidh deis do mhuintir na háite agus do chuairteoirí foghlaim faoi stair thionsclaíoch agus faoi thodhchaí inbhuanaithe na Gaillimhe.
Tabharfaidh na tuirbíní cumhacht don bhonneagar agus beidh siad ina sainchomharthaí oideachais, agus iad fite fuaite i gcreatlach ghlas uirbeach na Gaillimhe.
Céard atá le teacht?
Tá an tionscadal ina chéim luath faoi láthair. Táthar ag ullmhú na láithreán, ag tabhairt faoi staidéir innealtóireachta, agus ag mealladh rannpháirtíocht an phobail. Tá suíomh gréasáin tiomnaithe seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe inar féidir leis an bpobal dul chun cinn a rianú, acmhainní a fhiosrú, agus páirt a ghlacadh i gceardlanna agus imeachtaí atá le teacht, nasc chuig an suíomh gréasáin.
Cathain is dócha go gcuirfear na tuirbíní hidreachumhachta isteach?
Táthar ag súil leis an gcéad tuirbín a chur isteach go déanach in 2026, tar éis staidéir féidearthachta mionsonraithe, measúnuithe timpeallachta, agus rannpháirtíocht pobail. Cuirfear an dá shuiteáil eile ar fáil go poiblí chun conraitheoir a cheapadh níos déanaí i saolré an tionscadail, agus tá sé beartaithe go mbeidh na córais go léir ag feidhmiú faoi dheireadh an tionscadail go luath sa bhliain 2029.
Cathain is dócha go mbeidh cúrsaí ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe?
Tá modúil nua agus deiseanna oiliúna á bhforbairt ag Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair i bhfuinneamh in-athnuaite agus hidreachumhacht mar chuid den tionscadal WATERWAY. Táthar ag súil go seolfar iad seo go déanach in 2026, agus cuirfear cláir phíolótacha agus gearrchúrsaí ar fáil ar dtús, agus comhtháthú i gcláir acadúla foirmiúla sna blianta ina dhiaidh sin.
Beidh WATERWAY ar siúl go dtí Márta 2029, ach leanfaidh a oidhreacht - i bhfuinneamh glan, oideachas, leas an phobail, agus caomhnú oidhreachta - ar aghaidh i bhfad níos faide ná dáta deiridh an tionscadail.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig: www.GalwayCity.ie
Nó déan teagmháil le: Climate@GalwayCity.ie