D’fháiltigh Leas Méara Chathair na Gaillimhe Acadamh Ceilteach Mheiriceánach na hÉireann chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

kids lined up for photo in city hall

D’fháiltigh Leas Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Josie Forde, Acadamh Ceilteach Mheiriceánach na hÉireann chuig seomra na comhairle Dé hAoine an 24 Iúil.

Is scoil samhraidh idirnáisiúnta é Acadamh Ceilteach Mheiriceánach na hÉireann a bhfuil sé mar mhisean aige léargas eachtrúil, spraíúil agus uathúil a thabhairt ar Oidhreacht na hÉireann. 

Tá 40 dalta as Meiriceá agus Ceanada tar éis clár tumoideachais iomlán coicíse i gcultúr, ceannasaíocht, oidhreacht, gnó, inbhuanaitheacht, S.T.E.A.M agus foghlaim seirbhíse a chur i gcrích. Tá na rannpháirtithe idir 15 agus 17 mbliana d’aois. 

Is é cuspóir an chláir na naisc idir na Stáit Aontaithe, Ceanada ,an Eoraip agus Gaillimh, Éire, a chothú agus a láidriú.  Creideann siad go gcuirfear go mór le dul chun cinn dearfach an dlúthchaidrimh idir na tíortha tríd an óige a chothú ar an mbealach seo. 

Labhair an Leas Méara, an Clr Josie Forde leis na scoláirí, thug sé teastais dóibh agus ansin chuir sé fáilte roimh cheisteanna. Chuir na daltaí ceisteanna faoi pholaitíocht, faoin dlí, faoi údaráis áitiúla eile, agus faoi aistear an mhéara le bheith ina chomhairleoir.