Tháinig Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CSPÁ) le chéile an 8 Aibreán 2026 agus tugadh le chéile gníomhaireachtaí reachtúla agus ionadaithe pobail chun athbhreithniú a dhéanamh ar obair leanúnach sábháilteachta pobail agus chun tionscnaimh atá ar na bacáin a dhearbhú.
Príomhthorthaí
- Miontuairiscí Ceadaithe: Dheimhnigh na comhaltaí taifead an chruinnithe roimhe sin.
- Sábháilteacht ar Bhóithre: Cuirfear cúrsaí sábháilteacht ar bhóithre, lena n-áirítear tograí le haghaidh soilse agus spáis níos sábháilte, ar aghaidh chuig an bhfoireann idir-rannach.
- Oiliúint sna Meáin: Fuarthas aiseolas iontach dearfach faoin oiliúint i scileanna sna meáin a cuireadh ar fáil do na comhaltaí le gairid.
- Dearbhuithe: Níor taifeadadh aon dearbhuithe leasa.
Ionchur ó Pháirtithe Leasmhara
- Cosaint FSS: Thug ionadaí FSS cuntas ar fhreagrachtaí cosanta agus tacaíochtaí d'aosaigh leochaileacha.
- Cope na Gaillimhe: Leag siad béim ar na seirbhísí reatha agus ar an imeacht oiliúna a bheidh ar siúl go luath Safe and Together Mode an 6 Bealtaine.
- An tEolas is Déanaí ó na Comhordaitheoirí: Tugadh an t-eolas is déanaí do na comhaltaí faoi na Pleananna Sábháilteachta Pobail Náisiúnta agus Áitiúla, dul chun cinn an fhochoiste, agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail.
Thug comhalta amháin dá aire “go bhfuil an méid comhoibrithe atá ar bun sna gníomhaireachtaí ar fad ag cur lenár gcumas freagairt do riachtanais an phobail.”
Comhthéacs agus Pleanáil Chun Cinn
Beidh an Plean Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, a bhfuiltear ag súil leis i Ráithe 4 2026, ina threoir le haghaidh tosaíochtaí fadtéarmacha, agus beidh tionchar ag an bPlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil, le tacaíocht ó shuirbhé poiblí a sheolfar sna seachtainí amach romhainn, ar ghníomhartha spriocdhírithe do Chathair na Gaillimhe.
Táthar ag súil go dtacóidh struchtúir neartaithe fochoiste, maoiniú níos mó, agus comhordú idirghníomhaireachta níos fearr le soláthar seirbhíse níos fearr agus le rannpháirtíocht an phobail.
Imeachtaí & Gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl go luath
- Sábháilteacht Rothar (Scútair/Rothair Leictreacha) i gcomhpháirtíocht leis an nGarda Síochána agus le Foireann Lánpháirtíochta Údarás Áitiúil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe – 14 Aibreán
- Seoladh Mhol Téarnaimh COMPASS – 17 Aibreán
- Comhdháil Idirnáisiúnta na gCathracha Téarnaimh Ionchuimsithigh – 9 Meitheamh
- Imeacht Tarrthála – 15–16 Deireadh Fómhair
- Gaillimh le Chéile: Expo Sábháilteachta Pobail agus Aoisbhách – 26 Deireadh Fómhair
Na Chéad Chéimeanna Eile
- Seoladh an tsuirbhé phoiblí ar an bPlean Sábháilteachta Pobail Áitiúil.
- Fochoistí chun cruinnithe sceidealta a bhrú chun cinn agus chun tuairisciú ar ais fúthu.
- Comhordú leanúnach le déanamh ar rannpháirtíocht an phobail.
- Pleanáil do Ghaillimh le Chéile: Expo Sábháilteachta Pobail agus Aoisbhách an 26 Deireadh Fómhair.
- An chéad chruinniú eile de CSPÁ: 8 Iúil 2026
D’athdhearbhaigh CSPÁ a thiomantas don chomhar agus don chinnteoireacht phobal-lárnach de réir mar a leantar den obair ar thosaíochtaí sábháilteachta áitiúla agus náisiúnta araon.