Dúnadh Cosán Choillearna Mhuirlinne

map of footpath closures in merlin woods

Fógraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go ndúnfar na príomhchosáin trí Pháirc Mhuirlinne láithreach mar gheall ar eachtraí leanúnacha ina bhfuil damáiste coiriúil déanta ar an suíomh. 

 

Bhí an dúnadh de réir sceideal leagtha amach ar dtús le teacht i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn mar chuid d'obair leanúnach sa bpáirc. Mar sin féin, mar gheall ar an damáiste don fhál teorann agus bearta cosanta éiceolaíochta, bhí gá leis na príomhbhealaí coisithe a dhúnadh láithreach. 

 

Rinneadh an cinneadh ar bhonn sábháilteachta phobail an láithreán tógála a dhaingniú agus bearta éiceolaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair a chosaint. Fanfaidh roinnt bealaí ar oscailt chun rochtain a choinneáil ar mhaithe le muintir na háite, bealach na scoile san áireamh. Taispeánann léarscáil a d'eisigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na cosáin dúnta i ndath dearg agus na bealaí atá fós ar oscailt i mbuí. 

 

Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle go bhféadfadh tuilleadh srianta a bheith i bhfeidhm mar thoradh ar an damáiste leanúnach do fhál teorann an láithreáin agus do bhearta slándála, mar shampla an pháirc a dhúnadh go hiomlán, rochtain ar bhealach na scoile san áireamh. 

 

Chun slándáil an láithreáin a neartú, tabharfar isteach patróil slándála 24 uair an chloig, agus cuirfear bearta breise i bhfeidhm chun an limistéar tógála a dhaingniú go hiomlán. Tugtar le fios don phobal go bhfuil dul isteach gan cead ar láithreán tógála mídhleathach agus go bhfuil contúirt suntasach sláinte agus sábháilteachta ag baint leis. Déanfar aon sárú ar shlándáil an láithreáin nó rochtain gan cead a chur ar shúile na húdaráis chuí. Iarrtar ar an bpobal cloí leis an gcomharthaíocht agus na socruithe dúnta atá i bhfeidhm agus gan ach na bealaí sin a úsáid a fhanann ar oscailt le linn na hoibre.

Related news