TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Cathair na Gaillimhe (Paráid Lá Fhéile Pádraig): Ó Bhóthar an Choláiste, Bóthar na Canála Uachtarach, Bóthar an Phríosúin, Droichead na mBradán, Ascaill Naomh Uinseann, Sráid Phroinsias, Sráid Eglinton, Barr an Chalaidh, Bóthar Áth Cinn, Bóthar na Díge suas chuig an mbealach isteach go carrchlós na Dubhlainne, Ascaill Naomh Breandán, Sráid an Iarsaigh, Bóthar Irwin, Bóthar na mBan, Sráid Gheata Liam, Tuaisceart na Faiche Móire, Oirthear na Faiche Móire, Bóthar na gCeannaithe i dtreo Dheisceart na Faiche Móire, Baile Nua Mhic Gabhann, Sráid Mhuire, Droichead Uí Bhriain, Sráid na Lombardach, Bóthar Shandair, Sráid an Mhargaidh, Sráid na Súdairí/Sráid an Gheata Bhig.
An Tréimhse Dúnta: Ón 11.00AM go 2.00PM Dé Máirt an 17 Márta 2026.
An Chúis: Paráid Lá Fhéile Pádraig.
Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.
Beidh comharthaíocht roimh ré i bhfeidhm roimh an ócáid.