TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Sráid na Banríona: Ó Óstán Victoria go hAcomhal Shráid Chnoc an Sconsa agus Shráid na Banríona.
An Tréimhse Dúnta: Ó 8.00pm an 9 Feabhra go 4.00am an 10 Feabhra 2026.
An Chúis: Chun craein túir a shocrú suas.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe do thrácht atá ag dul i dtreo Shráid na Banríona taobh amuigh de Stáisiún Cheannt trí Oirthear na Faiche Móire, Cnoc na Radharc, Bóthar Uí Eithir, Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar na Long, Bóthar na nDuganna, Sráid na nDuganna Nua agus Bóthar na gCeannaithe. Beidh an casadh ar dheis ó Bhóthar na gCeannaithe go Sráid na Banríona dúnta agus beidh bealach atreoraithe trí Shráid Chnoc an Sconsa.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná
12.00pm Déardaoin 29 Eanáir 2026.