TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
Sráid na nDuganna Nua: Ó Shráid na nDuganna go Bóthar na gCeannaithe.
An Tréimhse Dúnta: 8am go 6pm, ó De Luain an 11 Bealtaine go Dé hAoine an 22 Bealtaine 2026.
An Chúis: Péinteáil agus athchóiriú seachtrach ar Fhoirgneamh Chearnóg na gCeannaithe.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach atreoraithe sealadach i bhfeidhm trí Pharáid na Spáinneach R336, Sráid Thobar an Iarla R336, i dtreo Bhóthar na gCeannaithe.
Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná
12.00pm Déardaoin 23 Aibreán.