TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Plás Naomh Antaine: Ó Shráid San Proinsias go Barr an Chalaidh
An Tréimhse Dúnta: 24/7 ó Dé Luain an 6 Iúil go Dé Céadaoin an 8 Iúil 2026.
An Chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mBonneagar Uisce.
Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht malairt slí trí Sráid San Proinsias agus Ardán na Coiribe
Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.