DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Páirc an Léana Bháite

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Páirc an Léana Bháite: Ón ngeata ag an mbealach isteach ag Páirc an Léana Bháite go dtí taobh amuigh de Uimh. 27 Páirc an Léana Bháite

An Tréimhse Dúnta: Ó Dé Máirt an 4 Lúnasa go dtí Dé hAoine an 14 Lúnasa 2026 ón 09:30am go 16:30pm

An Chúis: Chun uasghrádú práinneach a dhéanamh ar an mBonneagar Uisce.

Bealaí Atreoraithe: Is dúnadh bóthair áitiúil é seo. Ní bheidh aon bhealach atreoraithe ann.     

Beidh bealach isteach agus amach ag muintir na háite.

Beidh comharthaíocht in airde sula gcuirfear tús leis an obair. 

 

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Déardaoin an 23 Iúil 2026.