TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
Ardán na bhFiach: Idir na hAcomhail ag Sráid Dhoiminic Íochtarach agus an cúinne ag Gourmet Tart.
An Tréimhse Dúnta: Ón 08.00AM go 06.00PM, ó Dé Luain an 14 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026.
An Chúis: Iniúchadh láithreáin do chóras cosanta tuilte.
Bealaí Atreoraithe: Is trí Bhóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach a bheidh an bealach atreoraithe.
Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe.
Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.
Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.