DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Sráid na Banríona

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Sráid na Banríona: Ó Óstán Victoria go hAcomhal Shráid Chnoc an Sconsa agus Shráid na Banríona. 

An Tréimhse Dúnta: Ó 8.00pm an 9 Feabhra go 4.00am an 10 Feabhra 2026.

An Chúis: Chun craein túir a shocrú suas.

Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe do thrácht atá ag dul i dtreo Shráid na Banríona taobh amuigh de Stáisiún Cheannt trí Oirthear na Faiche Móire, Cnoc na Radharc, Bóthar Uí Eithir, Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar na Long, Bóthar na nDuganna, Sráid na nDuganna Nua agus Bóthar na gCeannaithe. Beidh an casadh ar dheis ó Bhóthar na gCeannaithe go Sráid na Banríona dúnta agus beidh bealach atreoraithe trí Shráid Chnoc an Sconsa.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.