Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an bhfógra ón Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O'Brien TD, go bhfuil maoiniú ar fiú €400,000 é á chur ar fáil do Chathair na Gaillimhe faoi Chiste um Luathú Mhisean na gCathracha nua, ar fiú €2 mhilliún uile é.
Mar chuid den leithdháileadh maoinithe, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe raon beart praiticiúil aeráide ar fáil, lena n-áirítear foirgnimh na Comhairle a iarfheistiú. Cuideoidh na tionscadail sin le hastaíochtaí carbóin a laghdú, le teacht aniar in aghaidh an athraithe aeráide a neartú, le bithéagsúlacht a fheabhsú, agus leis an timpeallacht uirbeach a fheabhsú do mhuintir na cathrach agus do chuairteoirí araon.
Tacóidh Ciste um Luathú Mhisean na gCathracha, a d'fhógair an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, le Gaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath tionscadail a chur chun cinn faoi Mhisean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste.
Is éard a dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu, "Is infheistíocht mhór é an maoiniú seo in uaillmhianta aeráide na Gaillimhe agus léiríonn sé luach na comhpháirtíochta idir an rialtas áitiúil agus an rialtas náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide. Cuirfidh na tionscadail a gheobhaidh tacaíocht faoin gciste seo tairbhí inbhraite ar fáil dár bpobail agus cuideoidh siad le Gaillimh páirt a ghlacadh in aistriú na hÉireann chuig todhchaí ísealcharbóin.”
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is deis mhór é Ciste um Luathú 2026 do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cur le seachadadh gníomhartha aeráide ag an leibhéal áitiúil. Tá ríméad orainn an tacaíocht seo a fháil ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, a chuideoidh linn tionscadail phraiticiúla a chur ar fáil a laghdóidh astaíochtaí carbóin, a fheabhsóidh bithéagsúlacht, agus a fheabhsóidh cáilíocht saoil do phobail ar fud Chathair na Gaillimhe.”
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur réimse leathan tionscnamh chun cinn atá dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide trína Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus trí rannpháirtíocht i gcláir aeráide na hEorpa. Tá an Chomhairle tiomanta i gcónaí d’obair a dhéanamh le pobail áitiúla, le gnólachtaí, le hinstitiúidí acadúla agus le páirtithe leasmhara eile chun gníomhú fiúntach ar son na haeráide a chur i gcrích ar fud na cathrach.
Is cuid de thacaíocht níos leithne an Rialtais do ghníomhú ar son na haeráide ag leibhéal na n-údarás áitiúil é Ciste um Luathú Mhisean na gCathracha agus cuideoidh sé le Cathair na Gaillimhe tionscadail a chuireann le cuspóirí aeráide náisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn.