Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh fhógra an Rialtais le déanaí maidir le leanúint agus leathnú an Deontais Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh (VPRG), a bhfuil €2,546,449 infheistithe aige i 49 réadmhaoin i gCathair na Gaillimhe go dtí seo.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tugadh isteach scéim an Deontais Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh in 2022 chun réadmhaoin atá folamh agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid mar thithe do theaghlaigh agus mar thithe cónaithe ar cíos. Díreoidh an scéim leathnaithe ar réadmhaoin thráchtála a athoiriúnú ina dtithe, agus aonaid fholmha ‘os cionn an tsiopa’ - a d’fhéadfadh líon suntasach tithe nua a chur ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tríd an VPRG atá ag leanúint ar aghaidh, cuirfear 20,000 teach ar fud na tíre in úsáid arís faoi 2030 - lena n-áirítear réadmhaoin atá folamh agus tréigthe, agus trí leathnú na scéime chun aonaid fholmha ‘os cionn an tsiopa’ a chur san áireamh. Tá infheistíocht shuntasach déanta i gCathair na Gaillimhe mar chuid den scéim go dtí seo, agus cuirim fáilte roimh an tiomantas leanúnach seo d’athbheochan na cathrach, agus tithe nua a chruthú”.
Faoin scéim VPRG reatha, tá deontas suas le €50,000 ar fáil chun réadmhaoin fholamh a athchóiriú mar phríomháit chónaithe phríobháideach, agus le haghaidh réadmhaoine ar cíos ina bhfuil an tionóntacht cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).
Sa chás go bhfuiltear ag súil go sáróidh na costais athchóirithe €50,000, tá deontas breise suas le €20,000 ar fáil do réadmhaoin thréigthe, rud a fhágann go bhfuil deontas iomlán €70,000 ar fáil.
Tá an scéim VPRG atá ann faoi láthair á leathnú anois chun réadmhaoin thráchtála atá folamh/tréigthe agus atá á n-athoiriúnú ina n-iomláine go níos mó ná teach amháin a chur san áireamh. Chomh maith leis an deontas reatha suas le €50,000/€70,000, beidh €20,000 breise ar fáil don dara aonad cónaithe agus €20,000 eile nuair a chruthaítear trí aonad nó níos mó. Tugann sé seo an pacáiste iomlán d’fhoirgnimh thráchtála atá á n-athchóiriú ina dtrí aonad cónaithe nó níos mó suas go dtí €115,000 – lena n-áirítear deontas nua ‘sainchomhairle’ de €5,000.
Mar chuid den scéim leathnaithe, tá deontas ar leith le haghaidh tithe folmha ‘os cionn an tsiopa’ á thabhairt isteach, le maoiniú méadaithe suas le €140,000 ar fáil nuair a leanfar úsáid tráchtála ar aghaidh ar an mbunurlár.
Sa chás go bhfuil aonad cónaithe amháin á chruthú os cionn aonad tráchtála, beidh deontas suas le €95,000 ar fáil. Sa chás go gcruthaítear dhá aonad, beidh breisiú €20,000 ar fáil. Sa chás go gcruthaítear trí aonad nó níos mó, beidh breisiú €40,000 ar an deontas €95,000 ar fáil.
In éineacht leis an Deontas le haghaidh tithe folmha ‘os cionn an tsiopa’, cuirfear Deontas Sainchomhairle nua suas le €5,000 ar fáil d’úinéirí foirgnimh a d’fhéadfadh a bheith ag smaoineamh ar athchóirithe. Tabharfaidh sé seo an pacáiste iomlán atá ar fáil don réadmhaoin seo go €140,000.
Aithnítear le méideanna breise an deontais agus an deontas sainchomhairle na castachtaí a bhaineann le spás folamh os cionn réadmhaoin thráchtála agus iar-fhoirgnimh thráchtála a athoiriúnú ina n-aonaid ilchónaithe – lena n-áirítear, mar shampla, rochtain ar leith ar gach aonad, scaradh dóiteáin agus mar sin de.
Tá sé beartaithe go mbeidh an deontas le haghaidh tithe folmha ‘os cionn an tsiopa’ agus an deontas breise chun iarfhoirgneamh tráchtála iomlán a athchóiriú i bhfeidhm faoi dheireadh Ráithe 1 2026. Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag forbairt sonraí agus doiciméid na scéime faoi láthair.
Déanfar sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt nuair atá siad ar fáil, lena n-áirítear fógraí sna meáin áitiúla agus ar na meáin shóisialta.
Is féidir eolas a fháil ar scéim VPRG reatha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar https://www.galwaycity.ie/services/housing/housing-services/vacant-and-derelict-properties#:~:text=A%20grant%20of%20up%20to,the%20conversion%20of%20a%20property%2C