Fógra faoi Bhóithre a bheidh le Dúnadh - Bóthair Pháirc an Chaisleáin

An aerial view of Castlepark Road, August 2025, during ongoing works on the Ballybane Road and Castlepark Road Cycle Network Scheme

Tá Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin beagnach críochnaithe anois ag Coffey Construction Ltd. thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is éard a bheidh i gceist leis an gcéim dheiridh ná dromchla iomlán nua a chur ar na carrbhealaí ar an dá bhóthar. Chun sábháilteacht an phobail agus na n-oibrithe a chinntiú le linn na hoibre seo, tá sé beartaithe bóithre a dhúnadh go sealadach i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Leagtar amach sonraí faoin dúnadh thíos. 

Tuigimid go mbeidh roinnt cur isteach i gceist agus gabhaimid ár mbuíochas leat as do chuid foighne agus an tionscadal á chur i gcrích go sábháilte. 

Cén uair a bheidh an Dúnadh Bóithre i bhfeidhm?

Beidh Dúnadh Bóithre i bhfeidhm ón 9:30am – 4:00pm, Luan go hAoine ar na dátaí seo a leanas:

  • Ó Dé Máirt an 7 Aibreán le haghaidh tuairim is 3 seachtaine ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.

  • Ó thuairim is Dé Luain an 27 Aibreán le haghaidh tuairim is 3 seachtaine ar Bhóthar an Bhaile Bháin.

  • Ní chuirfear tús leis an obair ar Bhóthar an Bhaile Bháin go dtí go mbeidh an obair ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin críochnaithe.

Rochtain do Dhaoine Áitiúla

Beidh bealach isteach agus amach ag feithiclí áitiúla ar an dá bhóthar, beidh comharthaíocht agus maoir ar fáil chun daoine áitiúla a chur ar an eolas faoi na bealaí atreoraithe atá i bhfeidhm chuig a dtithe. Beidh rochtain ag coisithe agus ag deiseanna a bhfuil rothaí orthu ar an dá bhóthar an t-am ar fad.

Seirbhísí Bus

Déanfar seirbhísí bus a atreorú ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin idir 9.30am – 4.00pm, Luan go hAoine, agus leanfaidh siad an bealach atreoraithe atá sa léaráid ar an mbileog seo. Rithfidh na busanna mar is gnáth gach tráth eile. Cuirfear comharthaíocht in airde freisin ar gach stad bus chun paisinéirí a chur ar an eolas faoin stad bus malartach a bheidh ar Bhóthar an Bhaile Bháin nó ar Bhóthar Mhuine Mheá.

Ceisteanna

Déan teagmháil le foireann tionscadail Coffey 086 3847193 nó ActiveTravel@GalwayCity.ie 

Related news