Rannpháirtíocht Chuiditheach ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin

Sean McGuire and John Costello, AtkinsRéalis; Laura Gaffney, Senior Executive Engineer, Active Travel Department, Galway City Council; Leonard Cleary, Chief Executive, Galway City Council; Cllr. Alan Cheevers; Derek Pender, Director of Services, Project Development, Galway City Council; Cllr. Helen Uchechukwu Ogbu; Cllr. Terry O’Flaherty.  Absent from photo, but also in attendance at the meeting – Cllr. Shane Forde.

Bhí plé dearfach ar siúl ag comhaltaí d’fheidhmeannas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag Comhaltaí Tofa ó Oirthear na Cathrach ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, agus an tionscadal anois sna céimeanna deiridh.  Agus an t-aiseolas atá faighte acu ó bhaill den phobal maidir leis na hoibreacha leanúnacha á leagan amach ag Comhairleoirí, tá sé deimhnithe ag foireann na Comhairle go bhfuil an tionscadal ar an mbóthar ceart anois le bheith críochnaithe roimh an am a bhí beartaithe sna míonna amach romhainn.

Nuair a cuireadh tús leis na hoibreacha go luath sa bhliain 2025, bhíothas ag súil go mbeadh an tionscadal críochnaithe faoi Ráithe 3 2026, ach tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil anois go mbeidh na hoibreacha críochnaithe den chuid is mó laistigh de Ráithe 2.

Ag an gcruinniú a reáchtáladh Dé Céadaoin an 18 Feabhra, chuir oifigigh, lena n-áirítear an Príomhfheidhmeannach Leonard Cleary agus an Stiúrthóir Seirbhísí Derek Pender, na Comhairleoirí ar an eolas faoi dhul chun cinn na scéime.  Léirigh Comhaltaí Tofa imní an phobail faoi na hoibreacha bóthair, agus d’aontaigh na páirtithe go léir díriú ar chumarsáid leis an bpobal áitiúil agus le comaitéirí le linn chéimeanna deiridh an tionscadail lena n-áirítear dromchla nua a chur ar leithead iomlán Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin. 

Cuirfidh an scéim seo rotharbhealach sábháilte agus tarraingteach ar fáil feadh Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, agus beidh áiseanna do choisithe á dtógáil freisin.  Tá oibreacha suntasacha curtha i gcrích ó cuireadh tús leis an tógáil ag tús na bliana anuraidh, agus lánaí rothar agus cosáin nua beagnach críochnaithe anois ar an dá thaobh de Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus Bóthar an Bhaile Bháin. Tá oibreacha feabhsaithe sábháilteachta curtha i gcrích freisin ag acomhail ar an dá bhóthar agus tá oibreacha tírdhreachaithe ar siúl. 

Nuair a bheidh an tionscadal iomlán críochnaithe, cuirfear 15 scáthlán bus nua san iomlán ar fáil (sin péire sa mbreis ar líon iomlán na scáthlán) agus beidh crosairí breise ann do choisithe agus rothaithe ar feadh 3km an tionscadail. Beidh an bonneagar nua ar fad inrochtana go hiomlán ag gach úsáideoir bóthair, lena n-áirítear daoine i gcathaoireacha rothaí agus a bhfuil bugaithe acu. 

Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, fáilte roimh an deis tuairimí ionadaithe tofa áitiúla a chloisteáil agus an t-eolas is déanaí a thabhairt dóibh.  “Is tionscadal tábhachtach do Ghaillimh é Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.  Cuirfidh sé go mór le líonra taistil ghníomhaigh na cathrach atá ag fás. De réir mar a bheidh an tionscadal seo á thabhairt chun críche, agus de réir mar a bheimid ag déanamh dul chun cinn ar scéimeanna amach anseo ar Bhóthar Mhuine Mheá agus ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, bainfidh úsáideoirí bóthair sa gceantar seo leas as go leor buntáistí a bhaineann le hiompar gníomhach agus inbhuanaithe.  Cuirim fáilte roimh an bplé leanúnach ar an tionscadal seo, agus táim ag tnúth leis an gComhairle agus leis na Comhaltaí Tofa a bheith ag obair le chéile chun cur le saol na ndaoine go léir atá ina gcónaí, ag staidéar agus ag obair sa gceantar seo.”

Tá Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin á cur i gcrích ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé cómhaoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach.  Beidh an tógáil á déanamh feadh achar Bhóthar an Bhaile Bháin, idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bóthar Mhuine Mheá agus feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin go léir idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Bóthar Mhuine Mheá.  Áirítear leis an réimse seo an OTA agus saoráidí tráchtála, tionsclaíocha agus pobail eile.  Freastalóidh an scéim freisin ar phobal mór cónaitheoirí atá ina gcónaí i gcomharsanacht an dá bhóthair. 

Ceanglóidh na cosáin siúil agus na lánaí rothaíochta nua, amach anseo, le togra BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath, conair leanúnach phleanáilte d’áiseanna ardchaighdeáin iompair phoiblí, coisíochta agus rothaíochta ag rith ar feadh bhóthar R338 Bhaile Átha Cliath.  Ceanglóidh sé go díreach leis an rotharbhealach nua atá beartaithe feadh Bhóthar Mhuine Mheá Thoir, a chuirfear ar aghaidh le haghaidh cead pleanála níos déanaí i mbliana. 

Tá gach ceann de na tionscadail seo mar chuid de líonra níos leithne agus níos mó de bhonneagar taistil agus rothaíochta atá ag méadú i gCathair na Gaillimhe.  Tá forbairt an líonra seo ag teacht le haidhmeanna straitéiseacha Straitéis Iompair na Gaillimhe, a fhéachann le hiompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus a spreagadh, agus é a dhéanamh áisiúil agus tarraingteach chun siúl, rothaíocht a dhéanamh nó úsáid a bhaint as iompar poiblí. 

Tá an t-eolas is déanaí ar Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin ar fáil ar www.GalwayCity.ie.  Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin agus ar ardáin meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sna míonna amach romhainn.

Teideal don ghriangraf den ghrúpa: Sean McGuire agus John Costello, AtkinsRéalis; Laura Gaffney, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin, An Rannóg Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; an Comhairleoir Alan Cheevers; Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Tionscadal, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; an Comhairleoir Helen Uchechukwu Ogbu; an Comhairleoir Terry O’Flaherty  Nach bhfuil sa ghrianghraf, ach a bhí i láthair ag an gcruinniú - an Comhairleoir Shane Forde.
 

A preview of the Ballybane Road and Castlepark Road Active Travel Scheme


 

Related news