Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 13(6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), gur chinn Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, tar éis Athrú Beartaithe Uimh. 2 ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh lena mbaineann a bhreithniú, go ndéanfar athrú ar an Athrú Beartaithe. Tá na modhnuithe beartaithe comhdhéanta d’athruithe ábhartha sa Dréacht-Athrú ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029.
Tá sé d’aidhm ag Athrú Beartaithe Uimh. 2 cuspóir criosaithe a chur i bhfeidhm ar thailte gan criosú de réir Ordú ón Aire. Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe (CCG) leasú a dhéanamh ar stádas criosaithe na dtailte nár criosaíodh roimhe seo toisc go measann CCG gur chóir go mbeadh gach talamh sa chathair faoi réir cuspóir criosaithe úsáide talún. Tugann criosú soiléireacht agus leibhéal cinnteachta d'úinéirí talún agus do thríú páirtithe chun úsáid reatha agus forbairt fhéideartha na dtailte ábhartha amach anseo a mheas.
Tá cóip de na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 mar aon le:
· Tuarascáil Comhshaoil MST (Measúnú Straitéiseach Timpeallachta) agus Cinneadh MST
· Tuarascáil maidir leis an Scagadh le hAghaidh Measúnacht Chuí (MC) agus Cinneadh MC
ar fáil le féachaint orthu agus le híoslódáil ar an suíomh gréasáin consult.galwaycity.ie/browse.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:
Iarrtar leis seo aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an Athrú Ábhartha Beartaithe ar Athrú Beartaithe Uimh. 2 agus na doiciméid ghaolmhara ón bpobal agus ó chomhlachtaí leasmhara. Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a dhéanamh idir an 19 Meitheamh 2026 agus an 16 Iúil 2026 (na dátaí sin san áireamh) ar cheann de na bealaí seo a leanas:
· Ar an tairseach aighneachta ar líne tar éis clárú ar consult.galwaycity.ie/browse
· Ar an bpost chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91X4K8.
Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí a chur ar aghaidh ar aon bhealach amháin i.e. tríd an tairseach comhairliúcháin nó trí chóip chrua ar an bpost. Ní chuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ach na haighneachtaí nó na tuairimí maidir leis an athrú ábhartha beartaithe a gheofar laistigh den tréimhse shonraithe san áireamh. Ní féidir aighneachtaí ná tuairimí maidir le haon ghné eile d’Athrú Beartaithe Uimh. 2 a mheas ag an gcéim seo den phróiseas.
4pm an 16 Iúil 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid.
Dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar an idirlíon, beidh cáipéisí ar fáil freisin lena scrúdú sa Rannóg Pleanála le linn gnáthuaireanta oscailte. Glaoigh ar an uimhir (091) 536400 má tá aon cheist agat. Beidh cáipéisí ar fáil freisin le linn thréimhse an chomhairliúcháin sna háiteanna seo a leanas:
Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid San Aibhistín. Teil: (091) 509094
Leabharlann an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, an Baile Bán. Teil: (091) 509244
Leabharlann an Taoibh Thiar, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh. Teil: (091) 509091
Ionad Pobail Chnoc na Cathrach, Páirc na Ceapaí. Teil: (091) 867594
Ionad Pobail Bhaile an Phoil/An Caisleán Gearr, Bóthar Áth Cinn. Teil: (091) 429 620
Tabhair faoi deara go bhféadfadh uaireanta oscailte srianta a bheith sna hionaid sin.
Sínithe ag:
Patricia Philbin, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Uirbeach