Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 58(7) den Acht um Plea náil agus Forbairt 2024 go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, arb í an tÚdarás Pleanála don Chathair í, athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 – 2029 i leith na nithe seo a leanas:
Athrú Beartaithe Uimh. 4 Leasaigh Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 go:
Athrú ar zónáil úsáide talún ar leis Comhairle Cathrach na Gaillimheé, suíomh ar a raibh an t-iar oifig turasóireachta i mBóthar na Trá suite agus le haghaidh Stáisiún Dóiteáin a sholáthar í mBaile an Phoill.
Cuspóir sonrach a áireamh don suíomh ag Sean-Oibreacha Uisce na Gaillimhe, atá suite idir Bóthar na Díge agus an N6.
Tá an méid seo a leanas ag gabháil leis an Athrú atá beartaithe:
- Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) (lena n-áirítear cinneadh scagtha MST) faoi na Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil Úsáide Talún – SEA) 2025;
- Tuarascáil Meastóireachta Chuí (MC) agus cinneadh scagtha MC a ghabhann leis de réir Mhír 6 den Acht; agus
- Tuarascáil Straitéiseach um Measúnú Priacal Tuile de réir riachtanais Threoirlínte an Aire Alt 28 “An Córas Pleanála agus Treoirlínte um Bainistiú Priacal Tuile d'Údaráis Phleanála” (2009).
Tá cóip den athrú beartaithe agus de dhoiciméid ghaolmhara MST, scagtha MC agus MSPT ar fáil le breathnú orthu agus le híoslódáil ar líne ag:
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:
Iarrtar leis seo aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an Athrú Beartaithe agus na doiciméid ghaolmhara ón bpobal agus ó chomhlachtaí leasmhara. Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a dhéanamh idir Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026 agus Déardaoin 15 Deireadh Fómhair 2026 ar cheann de na bealaí seo a leanas:
-
Ar an tairseach comhairliúcháin ar líne tar éis clárú ar consult.galwaycity.ie/browse
-
Ar an bpost chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91X4K8.
Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí a chur ar aghaidh ar aon bhealach amháin i.e. tríd an tairseach comhairliúcháin nó trí chóip chrua ar an bpost. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe gach aighneacht nó tuairim a gheofar laistigh den tréimhse shonraithe san áireamh agus beidh siad ar fáil don phobal sula ndéanfar aon chinneadh maidir le hAthrú Beartaithe Uimh. 4. 4pm Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid.
Dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar an idirlíon, beidh cáipéisí ar fáil freisin lena scrúdú sa Rannóg Pleanála le linn gnáthuaireanta oscailte. Glaoigh ar an uimhir (091) 536400 má tá aon cheist agat. Beidh cáipéisí ar fáil freisin le linn thréimhse an chomhairliúcháin sna háiteanna seo a leanas:
Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid San Aibhistín. Teil:(091) 509094
Leabharlann an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, an Baile Bán. Teil (091) 509244
Leabharlann an Taoibh Thiar, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh. Teil: (091) 509091
Ionad Pobail Chnoc na Cathrach, Páirc na Ceapaí. Teil: (091) 867594
Ionad Pobail Bhaile an Phoil/An Caisleán Gearr, Bóthar Áth Cinn. Teil: (091) 429 620
Tabhair faoi deara go bhféadfadh uaireanta oscailte srianta a bheith sna hionaid sin.
Fógra Cinnidh maidir leis an Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí ar Athrú Beartaithe Uimh. 4 ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029
Tá Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá cinneadh déanta aici, de bhun Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga (92/43/CEE) agus de bhun Alt 202 de Chuid 6 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, arna leasú, gur féidir an dóchúlacht go mbeidh éifeacht shuntasach ag Athrú Beartaithe Uimh. 4, ina aonar nó in éineacht le haon phlean nó tionscadal eile, ar aon láithreán Eorpach a eisiamh i bhfianaise chuspóirí caomhnaithe na ngnáthóg nó na speiceas ar ainmníodh na láithreáin sin ina leith. Dá bhrí sin, ní gá Measúnacht Chuí Chéim 2 a dhéanamh maidir le hAthrú Beartaithe Uimh. 4. Tá Cinneadh an Scagtha le haghaidh Measúnacht Chuí bunaithe ar Thuarascáil an Scagtha le haghaidh Measúnacht Chuí – sonraítear sa dá dhoiciméad na cúiseanna leis an gcinneadh agus gabhann siad leis an Athrú Beartaithe, agus tá siad ar fáil in éineacht leis an Athrú Beartaithe: