Gradam buaite ag Tionscadail Taistil Ghníomhaigh Chathair na Gaillimhe

An aerial image of the completed works at The Crescent / Sea Road, including the new rain gardens.

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Gradam don Tionscnamh Iompair Phoiblí is Fearr a bhuachan ag Gradaim Pobail agus Comhairle na hÉireann LAMA 2026 mar aitheantas ar thionscadal taistil ghníomhaigh céaduaire i gcroílár na cathrach. Ainmníodh Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar an Chorráin/Bhóthar na Mara, a chuir na chéad ghairdíní báistí riamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil, chomh maith le sraith feabhsuithe ar shábháilteacht ar bhóithre, i measc na mbuaiteoirí ag an searmanas bronnta mór le rá ina dtugtar aitheantas do phobail agus comhairlí atá ag oibriú le chéile agus ina ndéantar ceiliúradh orthu. 

Is cineál nua tírdhreachaithe é gairdín báistí a chabhraíonn le tuilte a chosc agus draenáil a fheabhsú trí uisce báistí a ghabháil agus a ionsú.  Suiteáladh an dá ghairdín báistí ag acomhal an Chorráin agus Bhóthar na Mara i limistéir a bhí mar chuid den bhóthar roimhe seo, atá cúngaithe anois.  Tógadh cosáin nua níos leithne sa spás sin chomh maith.  Trí leithead an bhóthair a laghdú, laghdaíodh luasanna tráchta feithiclí agus amanna trasnaithe do shiúlóirí agus do rothaithe, rud a fheabhsaíonn sábháilteacht agus compord an bhóthair. 

Mar chuid den scéim sin freisin, tógadh cosán nua ar feadh an Chorráin, ag nascadh Stad Bhus 401 leis an Ionad Leighis.  Roimhe sin, ní raibh aon chosán ar an taobh sin den bhóthar.  Tá dhá thrasrian coisithe tógtha chomh maith, agus tá oibreacha nua feabhsaithe sábháilteachta curtha i gcrích ag Scoil Fhursa in aice láimhe mar chuid den Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile.  Mhair oibreacha an tionscadail thart ar chúig mhí agus cuireadh i gcrích iad i mí Márta na bliana seo caite.

Tá comhghairdeas déanta ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, leo siúd go léir a d’oibrigh ar an tionscadal.  “Chuir na hoibreacha taistil ghníomhaigh ag Bóthar an Chorráin/Bóthar na Mara feabhas ar shábháilteacht do gach úsáideoir bóthair.  Chuir na gairdíní báistí le luach an cheantair seo ó thaobh na haeistéitice de, agus tá buntáistí tábhachtacha timpeallachta agus éiceolaíochta ag baint leo freisin.  Is áit bheo bhríomhar anois é i lár na cathrach, agus úsáideann líon mór daoine an t-acomhal feabhsaithe gach lá, lena n-áirítear iad siúd a fhreastalaíonn ar na scoileanna agus ar choinní leighis in aice láimhe. Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil an fhorbairt dhearfach seo i nGaillimh aitheanta anois ar ardán náisiúnta.”

Seo an dara bliain as a chéile a bhfuil Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe aitheanta ag na Gradaim Pobail agus Comhairle na hÉireann.  Ag imeacht na bliana seo caite, ainmníodh Scéim Taistil Ghníomhaigh Chanáil Eglinton, inar rinneadh athnuachan ar chosán canála stairiúil agus inar togadh trasrianta nua agus bearta maolaithe tráchta chun tosaíocht a thabhairt do choisithe agus do rothaithe, mar bhuaiteoir don Rian/Uiscebhealach is Fearr in Éirinn.

Tá moladh tugtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Leonard Cleary dóibh siúd go léir a tháinig le chéile chun an tionscadal ag Bóthar an Chorráin/Bóthar na Mara a chur i gcrích.  “Tá lúcháir orm arís go bhfuil foireann Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe aitheanta ag na gradaim mhóra seo.  Ba mhaith liom moladh a thabhairt don fhoireann ar fad, go háirithe dóibh siúd a d’oibrigh go díreach ar an tionscadal.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin lenár gcomhpháirtithe a chabhraigh leis an scéim seo a chur i gcrích, lena n-áirítear Ionadaithe Tofa agus an pobal áitiúil.  Gabhaim mo bhuíochas freisin leis na conraitheoirí John Madden and Sons Ltd., a gcuid fochonraitheoirí go léir agus na hinnealtóirí comhairleacha ag Clifton Scannell Emerson Associates.”

“Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Údarás Náisiúnta Iompair as an tacaíocht leanúnach airgeadais a thug siad dó seo, agus as forbairtí taistil ghníomhaigh agus iompair inbhuanaithe eile ar fud na cathrach.  Tá an maoiniú seo ríthábhachtach le go mbeidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann leanúint ar aghaidh ag tabhairt tosaíochta dár bpleananna uaillmhianacha chun infheistíocht a dhéanamh i réitigh nua iompair a chuideoidh le brú tráchta a mhaolú, chun cur ar chumas na cathrach fás ar bhealach inbhuanaithe agus chun na buntáistí go léir a bhaineann le bheith ag siúl, ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus ag rothaíocht a chur ar fáil do Ghaillimh agus do mhuintir na háite.”

Agus iad ina 20ú bliain ar an bhfód anois, tugann Gradaim Pobail agus Comhairle na hÉireann LAMA (Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil) aitheantas do agus déanann siad ceiliúradh ar obair na n-údarás áitiúil laistigh de phobail. Reáchtáladh imeacht na bliana seo san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra agus bhí 533 ainmniúchán san iomlán, an líon is mó riamh, ó na 31 Chomhairle ar fad.

An image of Galway City Council staff collecting their award at the 2026 LAMA All-Ireland Community and Council Awards

Foscríbhinn don ghrianghraf den ghrúpa - Sa bpictiúr ag Gradaim Pobail agus Comhairle na hÉireann LAMA 2026 tá an Comhairleoir Damien Ryan (An Mhí, LAMA); Barry Hevein, Innealtóir Sinsearach Gníomhach, Taisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Frank Clancy, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin, Taisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; an Comhairleoir Alan Cheevers, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe; an Comhairleoir Sean McGowan (Liatroim, LAMA); Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Elizabeth Fanning, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Laura Gaffney, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin, Taisteal Gníomhach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; an Comhairleoir Neil McNelis; an Comhairleoir Eddie Hoare.

Related news