Is Féidir Iarratas a Dhéanamh Anois ar Dheontais Taitneamhachtaí Áitiúla 2026

Westside library

Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do Chumainn Áitritheoirí, grúpaí pobail agus do scéimeanna cuibhrinn iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas na dTaitneamhachtaí Áitiúla 2026. Is é cuspóir na scéime cabhrú le scéimeanna gairdíní/cuibhrinn pobail agus le Cumainn Áitritheoirí ar mian leo cuidiú lena dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú trí thabhairt faoi obair feabhsúcháin ina gceantar áitiúil le béim ar ghlanadh bruscair agus ar phiocairí bruscair, ar ghraifítí a ghlanadh agus ar cheardlanna pobail. Cuimsíonn sé aon rud a bhaineann le glanadh, péinteáil, garraíodóireacht agus spásanna poiblí a chothabháil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gurb é an 20 Feabhra 2026, dáta níos luaithe, an spriocdháta do na deontais i mbliana.

Dúirt Méara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Dúirt Mike Cubbard “tá sé léirithe go bhfuil an Scéim Deontais Taitneamhachtaí ag tabhairt cúnamh ríthábhachtach do phobail le roinnt blianta agus is sruth mór tábhachtach maoinithe é a spreagann mórtas agus rannpháirtíocht an phobail ar fud na cathrach. Cruthaíonn sé nasc dearfach freisin idir ár gcomharsanachtaí agus ár gcathair trí fheabhas a chur ar ár spásanna poiblí”.

€25,000 ar fad an maoiniú atá ar fáil faoi Scéim na nDeontas Taitneamhachtaí Áitiúla do 2026. Dúirt Fergal Cushen,Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Mholfainn do gach Cumann Áitritheoirí agus do ghrúpaí pobail ar fud na cathrach cur isteach ar an deontas seo. Tá an t-airgead deontais seo ag cur feabhas ar limistéir pobail ar fud na cathrach leis na blianta, agus leanfar den fheabhas sin.

Ní mór gach foirm iarratas ar scéim 2026 a chomhlánú go leictreonach ar https://www.galwaycity.ie/ga/services/comhshaol/sceim-deontais-conlaiste-2026 (Ní ghlactar le foirmeacha iarratais páipéir a thuilleadh.)

Ba chóir iarratais chomhlánaithe a chur isteach tráth nach déanaí ná an spriocdháta 4:00pm Dé hAoine an 20 Feabhra 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie nó féach ar https://www.galwaycity.ie/ga/services/comhshaol/sceim-deontais-conlaiste-2026