Lámhleabhar Chumann na gCónaitheoirí seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le Seisiúin Eolais ar fud na Cathrach

UCDO Outside City Hall holding residents handbook

Is cúis ríméid do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe seoladh Lámhleabhar nua Chumann na gCónaitheoirí a fhógairt, treoir phraiticiúil atá leagtha amach chun tacú le cumainn cónaitheoirí atá ann cheana féin agus le cumainn cónaitheoirí nua agus iad a neartú.

Tá eolas atá soiléir agus inrochtana curtha ar fáil sa lámhleabhar seo do chumainn cónaitheoirí atá ann cheana féin agus do chumainn cónaitheoirí atá ag teacht chun cinn, agus clúdaítear ábhair ar nós cumann a shocrú suas, dea-rialachas, cumarsáid éifeachtach, deiseanna maoinithe, agus a bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ann. 

In éineacht leis an seoladh, tionólfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe sraith de sheisiúin eolais ar an láthair ar fud Bhardaí Thiar, Thoir agus Lár na cathrach, lena chinntiú go mbíonn an deis ag grúpaí cónaitheoirí agus pobail i ngach ceantar tuilleadh eolais a fháil faoin lámhleabhar.

Cuirfidh na seisiúin eolais:

  • Lámhleabhar Chumann na gCónaitheoirí i láthair mar aon lena phríomhacmhainní
  • Míniú ar fáil maidir leis an mbealach ina bhféadfaidh cumainn cónaitheoirí dul i mbun rannpháirtíochta leis an gComhairle
  • Treoir ar dhea-chleachtas agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil
  • Deis ar fáil do líonrú agus do chomhrá

Seisiúin Eolais

  • An Barda Thoir: Dé Máirt an 26 Bealtaine ag 6pm, Mol Pobail an Bhaile Bháin
  • An Barda Thiar: Dé Céadaoin an 27 Bealtaine ag 6pm, Ionad Pobail Pháirc na Ceapaí
  • An Barda Láir: Déardaoin an 28 Bealtaine ag 6.30pm, The Harbour hotel 

Spreagtar na cónaitheoirí go léir, cibé bainteach le cumann cónaitheoirí faoi láthair nó cónaitheoir ar spéis leo a bheith níos gníomhaí ina bpobal, a bheith i láthair.

Dúirt Oifigeach Fortbartha Uirbí agus Pobail, Deirdre Keaney Cunningham:

“Tá ról ríthábhachtach ag cumainn cónaitheoirí pobail a neartú agus tacú leis an daonlathas áitiúil. Freagraíonn an lámhleabhar seo go díreach do na riachtanais atá cur in iúl ag pobail ar fud na cathrach agus féachtar le treoir phraiticiúil atá éasca le húsáid a chur ar fáil chun tacú le cónaitheoirí a gcomharsanachtaí a mhúnlú.”

Beidh Lámhleabhar Chumann na gCónaitheoirí ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe nuair a bheidh sé seolta agus beidh cóipeanna clóite ar fáil ag na seisiúin eolais.

Roinnfear tuilleadh eolais ar dhátaí, ionaid agus ar chlárú maidir leis na seisiúin roimh ré ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil meán sóisialta na Comhairle.