Léigh, Léirigh Meas, Coimeád - 3ú Cruinniú Bliantúil um Chaomhnú Ailtireachta Chathair na Gaillimhe

Grafaic na comhdhála

 

Bí linn ag 3ú Cruinniú Bliantúil um Chaomhnú Ailtireachta Chathair na Gaillimhe, Léigh, Léirigh Meas, Coimeád, trína dtugtar na daoine is mó tionchair i réimse an dearaidh uirbigh, na hailtireachta, an chaomhnaithe agus an taighde le chéile d’imeacht lae atá dírithe ar an gcéim ríthábhachtach a bhaineann le tuiscint a fháil ar fhoirgneamh nó ar áit. 

---

ÁIT A CHUR IN ÁIRITHE

Más ag cur áit in áirithe chun freastal AR AN LÁTHAIR atá tú cliceáil ANSEO

Más ag cur áit in áirithe chun freastal AR LÍNE atá tú (cuirfear nasc chuig an ríomhphost a chuirfear ar fáil roimh an imeacht) cliceáil ANSEO

---

Foirgnimh agus áiteanna a bhfuil tábhacht ag baint leo, bíodh siad beag nó mór, is cáipéisí stairiúla iad ar bhealach, ar féidir iad a léamh agus a léirmhíniú. 

Mar oidhreacht stairiúil, cothaíonn na háiteanna seo ceangal luachmhar lenár stair chomhroinnte agus leis na daoine a chruthaigh iad. Ag an am céanna, cuireann siad go mór lenár dtírdhreacha tógtha agus nádúrtha, agus leis an saol a chaitheann muid gach lá.

Is é tuiscint a fháil ar fhoirgneamh nó ar áit sula dtugtar faoi obair a dhéanamh air an chéad chéim riachtanach in obair chaomhnaithe. Is céim thábhachtach í sin chun a chinntiú go ndéantar na foirgnimh nó na háiteanna atá i gceist a bhainistiú agus a oiriúnú go cúramach fad a gcaomhnaítear an carachtar speisialta agus riachtanach a bhaineann leo.

Tríd an gcur chuige sin maidir le tuiscint, a leagtar amach i gCairt Burra na Comhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Shuíomhanna (ICOMOS)* mar phrionsabail, mar phróiseas agus mar chleachtais, leagtar béim ar an ngá atá leis an tábhacht a bhaineann le háit a dheimhniú, agus cuirtear treoir ar fáil maidir le háiteanna a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo a chaomhnú agus a bhainistiú.

I measc na gcainteoirí a bheidh páirteach tá: Angela Rolfe (ICOMOS Ireland) Alan Keenan (Oifig na nOibreacha Poiblí), Finola O’Kane (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Scoil na hAiltireachta), Fergal McNamara (7L Ailtirí), Richard McLoughlin (Ailtireacht agus Uirbeachas Lotts), Graham Hickey (Dublin Civic Trust), Sara Gearty (Acadamh Ríoga na hÉireann), Paul Walsh (Comhúdar IHTA na Gaillimhe), Dave Pollock (Seandálaí / Archaeografix), Oliver Kinnane (FabTrads, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Scoil na hAiltireachta), Nicki Matthews (Seirbhís Oidhreachta Tógtha Náisiúnta). Beidh tuilleadh cainteoirí le fógairt.

Tá an t-imeacht SAOR IN AISCE seo bunaithe ar sheisiún maidine agus tráthnóna:

Léigh, Léirigh Meas / an próiseas a bhaineann le tuiscint a fháil

Fiosraigh na hacmhainní agus na teicnící a úsáidtear chun an tábhacht a bhaineann le foirgneamh nó le háit a dheimhniú.

Coimeád / An tuiscint sin a chur i bhfeidhm sa saol mar atá

Tabhair cluas éisteachta d’ailtirí agus do phleanálaithe ceannródaíocha agus iad ag caint faoin gcaoi a gcuirtear an tuiscint atá ag duine ar fhoirgneamh nó ar áit a chur i bhfeidhm sa saol mar atá.

---

Cuirtear 3ú Cruinniú Bliantúil um Chaomhnú Ailtireachta Chathair na Gaillimhe ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Náisiúnta maidir le hOidhreacht Thógtha.

*Cairt ICOMOS na hAstráile um Áiteanna a bhfuil Tábhacht Chultúrtha leo, 2013.