Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas ó chroí a ghabháil leis an bpobal, le staraithe áitiúla agus le comhpháirtíochta cathartha as an rath iontach a bhí ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2026.
Bhí leabharlann na cathrach, spásanna pobail agus ionaid chathartha lán spleodair idir an 15 agus an 23 Lúnasa, agus na sluaite, líon nach bhfacthas riamh cheana, tarraingthe ar an gcathair chun sásamh a bhaint as clár iléagsúil imeachtaí trína ndearnadh féiniúlacht chultúrtha, stairiúil agus nádúrtha ar leith na Gaillimhe a cheiliúradh.
Thug príomhimeachtaí na Comhairle i mbliana léargas ar shamhlaíocht mhuintir na cathrach agus na gcuairteoirí araon, agus i measc na bpríomh-buaicphointí bhí:
- Turas Siúil trí Ghaillimh na Meánaoise: Faoi stiúir Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an Dr Jim Higgins, thug na turais seo príomhócáidí i stair na Gaillimhe chun fíre os comhair sluaite móra.
- Taispeántais i Músaem Cathrach na Gaillimhe: Bhí idir cheardlanna tumthacha, tionscadail digitithe don phobal agus taispeántais chultúir i gceist, a mheall idir óg agus sean.
- Siúlóidí Bithéagsúlachta agus Oidhreachta Nádúrtha: Seisiúin idirghníomhacha phobail inar fiosraíodh agus inar leagadh béim ar an ngá ríthábhachtach atá ann canálacha, ceantair chósta agus spásanna glasa áitiúla a chaomhnú.
- Suirbhé ar Oidhreacht na hAiltireachta Dúchais agus Cuairt Siúlóide: Arna chur i láthair ag Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta, seoladh an suirbhé ar Fheirm Fahy i mBaile an Dúlaigh. Leagadh amach na príomhthorthaí agus na moltaí uaillmhianacha chun oidhreacht dhúchasach Chathair na Gaillimhe a thaifeadadh agus a cheiliúradh.
Chomh maith leis na príomhimeachtaí sin, reáchtáladh imeachtaí eile a raibh an-tóir orthu ag láithreacha stairiúla agus oideachais ar fud na cathrach, Cuairt ar Iarsmalann Dhún Uí Mhaoilíosa, ar Shéipéal Garastúin Naomh Pádraig ar an Rinn Mhór, ar Reilig Chnoc an Sconsa, ar Chaisleán Mhionlaigh, ar Ollscoil na Gaillimhe agus cainteanna faoi Chultúr agus faoi Thírdhreach na hÉireann in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ina measc.
Murach obair gan stad gan staonadh na foirne i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, a d’oibrigh i gcomhar le staraithe áitiúla, le hailtirí agus le comhpháirtithe cathartha a bhfuil an-spéis acu san oidhreacht, ní bheadh leath an oiread ratha ar an tseachtain. Chuir an comhoibriú sin ar ár gcumas clár iomlán inrochtana, oideachasúil agus spreagúil a chur ar fáil.
Is éard a dúirt Brendan Dunne, Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin ar chlabhsúr Sheachtain na hOidhreachta 2026, “Thar aon ní eile, ba mhaith linn buíochas a ghabháil libhse - muintir an phobail - as bhur bhfiosracht, bhur ndíograis agus as an mórtas comhroinnte atá agaibh as ár gcathair. Cinntíonn bhur rannpháirtíocht go bhfanann stair shaibhir Chathair na Gaillimhe ina cuid bheo agus bhríomhar de shaol an lae inniu. Go raibh míle maith agaibh go léir!”