Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Mhéara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Ag labhairt dó ag searmanas bronnta in Óstán Galmont Gaillimhe, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard gur díol mórtais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe onóir a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a chuireann a gcuid scileanna agus tuiscint ar fáil gan bheith ag súil le rud ar bith ar ais, agus a bhíonn ina n-eiseamláirí dúinn go léir.
Ag labhairt dó faoi na buaiteoirí agus na hainmnithe ag na gradaim, dúirt an Méara Mike Cubbard, “Tugann Gradaim an Mhéara deis dúinn díriú urraim a thabhairt do na daoine sin a rinne obair dheonach agus i bhfad níos mó ná sin. I mbliana, ar an triú bliain is fiche de na Gradaim, is mór an onóir agus an phribhléid dom, agus mé i mo Mhéara ar Ghaillimh, an ceiliúradh seo a óstáil chun aitheantas a thabhairt don mhéid dochreidte atá déanta ag na hoibrithe deonacha sa phobal."
Chuir an Méara in iúl chomh maith go, "Léiríonn na hainmnithe go bhfuil an t-ádh ar chathair na Gaillimhe meitheal ghníomhach a bheith inti a thugann a gcuid ama agus fuinnimh gan staonadh chun áit níos fearr a dhéanamh dár gcathair do chách."
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhios a bheith ag gach oibrí deonach go bhfuil a gcuid oibre déanta acu agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh as a luach bunúsach dár sochaí, rud a chabhraíonn le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.
Fuair os cionn 80 duine aonair agus grúpa, a ainmníodh i ngach catagóir, Teastas a dearadh ina n-aonar ón Méara mar aitheantas ar a ngníomhaíocht dheonach i saol an phobail ar fud na cathrach.
Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí sna catagóirí éagsúla:
- Bronnadh Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chathair na Gaillimhe ar Ashleigh Butler a bhfuil a cuid ama, scileanna agus fuinnimh tugtha aici le blianta fada ag cuidiú le feachtais ríthábhachtacha charthanachta, go mór mór Ospís na Gaillimhe agus Aoibheann’s Pink Tie – Catharanacht Náisiúnta Ailse na Leanaí. Tá na mílte euro bailithe aici trí bhailiúcháin chruthaitheacha agus tionscnaimh pobail agus tá a lorg sin le brath go tairbheach agus go fadtéarmach ag daoine dá mbarr.
- Gradam Ealaíon, Cultúir, Oidhreachta agus Cúrsaí Gaeilge: Grúpaí Amhránaíochta Pobail Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe - as a ndúthracht agus a ndíograis an ceol a chur chun cinn i gcroílár an phobail. Is ceangal ríthábhachtach anois iad i dtaobh spás ionchuimsitheach agus tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine ar fud na cathrach.
- Gradam do Chónaitheoirí agus do Cheantair Áitiúla: Jenny O'Sullivan as a dúthracht gan stad féachaint leis an saol a fheabhsú do mhuintir na háite agus as an gcion eisceachtúil deonach a dhéanann sí ar mhaithe leis an bpobal. Cinntíonn an obair a dhéanann sí ar mhaithe leis an bpobal nach bhfágtar aon duine ar lár agus go bhfuil ionadaíocht á déanamh ar gach duine.
- Gradam Aonair na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta: Joyce Mathias as a cuid abhcóideachta agus gníomhaíochtaí bailithe airgid do charthanachtaí éagsúla agus as an ról atá aici i dtaobh lucht nua imirce a ghlacadh go fonnmhar agus iad a lánpháirtiú i nGaillimh.
- Gradam na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta (Grúpa): Caifé Phobal an Bhóthair Mhóir, Ionad Lae Snipe as áit shábháilte a chur ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla chun teacht le chéile agus tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do ghrúpa daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil bunscileanna cócaireachta agus saoil a fhoghlaim
- Gradam d'Oibrí Deonach Saoránach Sinsearach na Bliana: Ann King as an obair dheonach a rinne sí sa Galway Cheshire Home, áit a bhfuil sí i mbun na hoibre sin le blianta fad agus a bhfuil an-luach agus meas uirthi agus ar an obair atá déanta aici ann.
- Gradam Inbhuanaitheachta Comhshaoil: Grúpa Pobail Stitch Together mar aitheantas ar an gcion deonach tairbheach a dhéanann siad chun áit ionchuimsitheach fháilteach a chur ar fáil inar féidir le daoine ó chúlraí éagsúla ceangal, foghlaim agus tacú lena chéile trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha.
- Gradam d'Oibrí Deonach Spóirt na Bliana: Frances Daly mar aitheantas ar an tseirbhís iontach atá tugtha aici ina cóitseálaí snámha i Scoil Speisialta Naomh Seosamh agus a dílseacht feadh a saoil d’Oilimpicí Speisialta Éireann.
- Gradam Tacaíochta Leanaí agus Óige: Club Youth Matters Club an Bhóthair Mhóir as áit shábháilte thacúil thaitneamhach a chur ar fáil do dhaoine óga sa bpobal inar féidir leo teacht le chéile, casadh le chéile agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí in éineacht.
- Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana: Latisha McCrudden mar aitheantas ar atá déanta aici chun an ceann is fearr a fháil ar na bacainní agus ar an streachailt a bhaineann le bheith i do bhall de phobal eitneach mionlaigh ar an imeall go dtí anois a bheith ag tabhairt faoin oideachas tríú leibhéal. Is ábhar inspioráide í don ghlúin a bheidh ag teacht ina diaidh
Bronnadh píosa álainn criostail, déanta ag Galway Crystal, ar na buaiteoirí.